Page: 1
Register your product and get support at 5000 series
www.philips.com/TVsupport
Lámhleabhar
24PFS5505
24PFS5525
24PFS5535
24PFS5605
24PFT5505
24PFT5525
32PFS5605
32PHS5505
32PHS5525
32PHT5505
32PHT5525
43PFS5505
43PFS5525
43PFT5505
43PFT5525
Page: 2
Ábhar
1 Faigh Tacaíocht 3
1.1 Aithin agus Cláraigh do theilifís 3
1.2 Cabhair teilifíse agus Treoir Úsáideora 3
1.3 Cabhair Ar Líne agus Treoir Úsáideora 3
1.4 Cúram Custaiméirí / Athdheisiú 3
2 Bogearaí 5
2.1 Nuashonrú Bogearraí 5
2.2 Leagan Bogearraí 5
3 Mear-Treoir 6
3.1 Cianrialtán 6
3.2 Braiteoir IR 7
3.3 Luamhán stiúrtha - Rialú Áitiúil (má tá fáil air) 8
4 Suiteáil 9
4.1 Léigh Sábháilteacht 9
4.2 Lonnú Teilifíse 9
4.3 Cas air an teilifís 11
5 Naisc 13
5.1 Treoir maidir le nascacht 13
5.2 Aeróg (don tsraith teilifíse 4503, 5503, 4304, 4354,
4504, 5304) 13
5.3 Aeróg (sraith teilifíse 5505, 5525, 5535) 13
5.4 Satailít (má tá fáil air) 13
5.5 Gléas Físe 14
5.6 Gléas Fuaime 17
5.7 Ríomhaire 19
5.8 CAM le Cárta Cliste - CI+ 20
5.9 Gléas USB 21
5.10 Líonra Sreangaithe - Freeview (Is do mhúnlaí na
Ríochta Aontaithe amháin an port líonra) 22
6 Athraigh Foinse 24
6.1 Liosta Foinse 24
6.2 Athainmnigh Gléas 24
7 Cainéil 25
7.1 Maidir le Cainéil agus Athraigh Cainéil 25
7.2 Suiteáil Cainéal 25
7.3 Liosta Cainéal 31
7.4 Roghnaigh Scagaire Cainéal 32
7.5 Cainéil Cheanáin 32
8 Eolaire Teilifíse 34
8.1 A bhfuil de dhíth ort 34
8.2 An Eolaire Teilifíse a Úsáid 34
9 Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar Sos (Níl
feidhm aige do mhúnlaí na Tuirce) 36
9.1 A bhfuil de dhíth ort 36
9.2 Taifeadadh 36
9.3 Cuir teilifís ar sos 37
10 Meáin 39
10.1 Ó Nasc USB 39
10.2 Grianghraif 39
10.3 Físeáin 39
10.4 Ceol 40
11 Oscail na Roghchláir Socruithe Teilifíse
41
11.1 Forbhreathnú ar an Roghchlár Baile 41
11.2 Roghchlár Áirgí 41
11.3 Mearsocruithe agus Gach Socrú 41
11.4 Gach Socrú 41
12 Comhshaol 48
12.1 Lipéad Fuinnimh na hEorpa 48
12.2 Comhad Táirge 48
12.3 Deireadh Úsáide 49
13 Sonraíochtaí 50
13.1 Cumhacht 50
13.2 Glacacht 50
13.3 Taifeach Taispeána 50
13.4 Taifeach taispeána: 51
13.5 Fuaim 51
13.6 Ilmheáin 51
13.7 Nascacht 51
14 Fadhbanna 54
14.1 Leideanna 54
14.2 Cas As 54
14.3 Cianrialtán 54
14.4 Cainéil 55
14.5 Pictiúr 55
14.6 Fuaim 55
14.7 HDMI 55
14.8 USB 56
15 Sábháilteacht agus Cúram 57
15.1 Sábháilteacht 57
15.2 Cúram Scáileáin 58
15.3 Téarmaí Úsáide 58
16 Cóipchearta 60
16.1 HDMI 60
16.2 Dolby Audio 60
16.3 DTS 2.0 + Digital Out ™ 60
16.4 Trádmharcanna Eile 60
17 Foinse Oscailte 61
17.1 Bogearraí Foinse Oscailte 61
17.2 Ceadúnas Foinse Oscailte 61
Innéacs 64
2
Page: 3
1
Faigh Tacaíocht
1.1
Aithin agus Cláraigh do
theilifís
Aithin do theilifís - múnla agus sraithuimhir an táirge
teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an
táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt.
Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe
nó ar an lipéad cineáil ar chúl nó ar bhun na teilifíse.
Cláraigh do theilifís
Cláraigh do theilifís agus bain leas as raon tairbhí lena
n-áirítear tacaíocht iomlán (íoslódálacha san
áireamh), rochtain phribhléideach a fháil ar fhaisnéis
maidir le táirgí nua, tairiscintí agus lascainí eisiacha
agus an deis duaiseanna a bhuachan agus fiú páirt a
ghlacadh i suirbhéanna speisialta faoi eisiúintí nua.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport
1.2
Cabhair teilifíse agus Treoir
Úsáideora
Brúigh Socruithe > Cabhair
Is féidir leat na bogearraí a nuashonrú go héasca sa
roghchlár Cabhair, mar aon leis an teilifís a athshocrú
go dtí na réamhshocruithe, agus an treoir úsáideora a
léamh.
- Nuashonraigh bogearraí: Seiceáil na nuashonruithe
bogearraí atá ar fáil.
- Treoir úsáideora: Léigh an treoir úsáideorafor le
haghaidh faisnéise faoin teilifís.
- Fabhtcheartú: Aimsigh réiteach do cheisteanna a
chuirtear go minic.
- Réamhshocruithe: Athshocraigh gach socrú go dtí
na réamhshocruithe.
- Athshuiteáil teilifís: Athshuiteáil agus déan an
tsuiteáil teilifíse arís.
- Eolas teagmhála: Taispeáin an uimhir theileafóin
nó suíomh gréasáin do do thír nó do réigiún.
1.3
Cabhair Ar Líne agus Treoir
Úsáideora
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne
chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a
réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus
uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta,
chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta
(CCanna). Is féidir leat dul i mbun comhrá le duine dár
gcomhoibrithe i roinnt tíortha agus do cheist a chur go
díreach nó ceist a sheoladh trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil, nó an
treoir úsáideora chun í a léamh ar do ríomhaire.
Chun níos mó eolais faoi fhabhtcheartú teilifíse agus
ceisteanna a chuirtear go minic a fháil (CCanna)...
Téigh go
dtí http://philips-tvconsumercare.kxondemand.com
/portal/en/ModelSelect
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do
ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir
leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le
haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó
ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair a phriontáil ó do
ríomhaire.
Chun Cabhair (an treoir úsáideora) a íoslódáil, téigh
go dtí www.philips.com/TVsupport
1.4
Cúram Custaiméirí /
Athdheisiú
Is féidir leat glaoch ar an mbeolíne Chúram
Custaiméirí i do thír chun tacaíocht nó athdheisiú a
fháil. Déanfaidh ár n-innealltóirí seirbhíse athdheisiú,
más gá.
Aimsigh an uimhir teileafóin ar an doiciméadúchán
priontáilte a tháinig leis an teilifís.
Nó tabhair cuairt ar ár láithreán gréasáin
www.philips.com/TVsupport agus roghnaigh do thír
má gá.
Uimhir mhúnla agus sriathuimhir na teilifíse
D'fhéadfadh sé go n-iarrfaí ort uimhir mhúnla an
táirge teilifíse agus an tsraithuimhir a thabhairt.
Aimsigh na huimhreacha seo ar an lipéad pacáistithe
3
Page: 4
2
Bogearaí
2.1
Nuashonrú Bogearraí
Déan cuardach do Nuashonruithe
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe.
Teastaíonn ríomhaire agus gléas cuimhne USB uait
chun na bogearraí a uaslódáil ar an teilifís. Úsáid gléas
cuimhne USB a bhfuil 256MB de spás saor air. Bí
cinnte go bhfuil cosaint ar scríobh casta as.
1. Cuir tús leis an nuashonrú ar an teilifís
- (Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe.
2. Aithin an teilifís
- Cuir an maide chuimhne USB isteach i gceann de na
naisc USB ar an teilifís.
Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK. Scríobhtar
comhad aitheantais ar an gnléas cuimhne USB.
3. Íoslódáil bogearraí na teilifíse
- Cuir an maide chuimhne USB isteach i do ríomhaire.
- Ar an ngléas cuimhne USB, aimsigh an
comhad update.htm agus cliceáil faoi dhó air.
- Cliceáil ar Seol ID.
- Roghnaigh do réigiún
- Má tá bogearraí nua ar fáil, íoslódáil an comhad .zip.
I ndiaidh na híoslódála, dízipeáil agus cóipeáil an
comhad autorun.upg go dtí an gléas cuimhne USB.
4. Nuashonraigh bogearraí na teilifíse
-Cuir an mhéaróg chuimhne USB isteach sa teilifís
arís. Tosaíonn an nuashonrú go huathoibríoch.
Casann an teilfís í féin as ar feadh 10 soicind agus
ansin casann sí air arís. Fan le do thoil.
Ná. . . . .
- bain an gléas cuimhne USB amach ón teilifís
Má chliseann ar an gcumhacht i rith an nuashonraithe,
ná bain as an mhéaróg chuimhne USB ón teilifís go
deo. Nuair a thiocfaidh an chumhacht ar ais, leanfaidh
an nuashonrú ar aghaidh.
Nuashonruithe Áitiúla
Do mhiondíoltóirí agus sainúsáideoirí.…
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Nuashonruithe áitiúla.
Déan cuardach do nuashonruithe
OAD (Íoslódáil tríd an aer)
Déan scan chun cuardach a dhéanamh do nuashonrú
bogearraí tríd an aer.
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Déan cuardach do nuashonruithe OAD.
* Braitheann fáil ar nuashonruithe OAD ar an tír a
bhfuil tú i do chónaí inti.
2.2
Leagan Bogearraí
Chun féachaint ar leagan reatha na mbogearraí
teilifíse…
(Baile) > Socruithe > Nuashonraigh
bogearraí > Faisnéis bogearraí reatha
5
Page: 5
3
Mear-Treoir
3.1
Cianrialtán
Cadhnraí agus Glanadh
Cadhnraí a athsholáthar
Mura bhfreagraíonn an teilifís do bhrú eochrach ar an
gcianrialtán, d'fhéadfadh na ceallraí a bheith caite.
Chun na ceallraí a athsholáthar, oscail raca na
gceallraí ar chúl an chianrialtáin.
1. Sleamhnaigh doras na gceallraí sa treo a léirítear ar
an tsaighead.
2. Athsholáthar na seancheallraí le 2 cheallra den
chineál AAA-R03-1.5V. Bí cinnte go luífidh na deirí +
agus - de na ceallraí isteach i gceart.
3. Cuir doras na gceallraí ar ais arís agus sleamhnaigh
é go dtí go gcliceálann sé.
- Bain amach na ceallraí mura mbeidh siad in úsáid
agat ar feadh tréimhse fada.
- Faigh réidh le do sheancheallraí de réir na
dtreoracha a thugtar maidir le deireadh úsáide.
Glanadh
Tá bratú scrabhadh-fhriotaíoch ar do chianrialtán.
Chun an cianrialtán a ghlanadh, úsáid ceirt bhog thais.
Ná húsáid substaintí cosúil le halcól, ceimicigh ná
glantóirí tí nó an cianrialtán.
Forbhreathnú ar na hEochracha
Barr
1. Fuireachas / Air
Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas.
2. Eochracha athsheanmna
- Seinn , chun seinnt
- Cuir ar sos , chun athsheinm a chur ar sos
- Stop , chun athsheinm a stopadh
- Atochrais , chun atochras
- Mearchasadh , chun mearchasadh
- Taifead , chun taifeadadh a thosú
* Ní thacaíonn múnlaí na Tuirce le taifeadadh teilifíse
ná le cur ar sos.
3. TV GUIDE
Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
4. FORMAT
Chun an roghchlár Formáid Pictiúir a oscailt nó a
dhúnadh.
5. SETUP
Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.
Barr (do mhúnlaí na Tuirce)
1. Fuireachas / Air
Chun an teilifís a chasadh air nó ar ais go Fuireachas.
2. Eochracha athsheanmna
- Seinn , chun seinnt
- Cuir ar sos , chun athsheinm a chur ar sos
- Stop , chun athsheinm a stopadh
- Atochrais , chun atochras
- Mearchasadh , chun mearchasadh
3. TV GUIDE
Chun an tEolaire teilifíse a oscailt nó a dhúnadh.
6
Page: 6
4. Brabhsálaí meán
Chun roghchlár an Bhrabhsálaí meán a oscailt nó a
dhúnadh.
5. FORMAT
Chun an roghchlár Formáid Pictiúir a oscailt nó a
dhúnadh.
6. SETUP
Chun an roghchlár Socruithe a oscailt.
Lár
1. HOME
Chun an roghchlár Baile a oscailt nó a dhúnadh.
2. SOURCES
Chun an roghchlár Foinsí a oscailt nó a dhúnadh -
liosta na ngléasanna nasctha.
3. Eochracha datha
Leanann feidhm na gcnaipí na treoracha ar an
scáileán.
4. INFO
Chun eolas cláir a oscailt nó a dhúnadh.
5. BACK
Chun athrú ar ais chuig an gcainéal deireanach a bhí
roghnaithe agat.
Chun roghchlár a dhúnadh gan socrú a athrú.
6. EXIT
Chun athrú ar ais d'fhéachaint teilifíse.
7. OPTIONS
Chun an roghchlár Roghanna a oscailt nó a dhúnadh.
8. Eochair OK
Chun rogha nó socrú a dhearbhú.
9. Eochracha nascleanúna/saighde
Chun bogadh suas, síos, ar chlé nó ar dheas.
10. LIST
Chun an liosta cainéal a oscailt nó a dhúnadh.
Bun
1. Balbhaigh
Chun an fhuaim a bhalbú, nó chun í a chasadh air arís.
2. Airde Fuaime
Chun airde na fuaime a athrú.
3. Eochracha uimhreach
Chun cainéal a roghnú go díreach.
4. SUBTITLE
Chun fotheidil a chasadh air, as nó Uathoibríoch.
5. Cainéal
Chun athrú go dtí an chéad chainéal eile nó an
cainéal roimhe sin i liosta na gcainéal. Chun an chéad
leathanach eile nó an leathanach roimhe sin a oscailt
in Téacs/Teilithéacs. Chun an chéad chaibidil eile nó
an chaibidil roimhe sin ar dhiosca a thosú.
6. TEXT
Chun Téacs/Teilithéacs a oscailt nó a dhúnadh.
3.2
Braiteoir IR
Tá an teilifís in ann glacadh freisin le horduithe ó
chianrialtán a úsáideann IR (infridhearg) chun
orduithe a sheoladh. Má úsáideann tú a leithéid de
chianrialtán, bí cinnte i gcónaí go bpointeálann tú an
cianrialtán i dtreo braiteoir infridhearg an chianrialtáin
ar aghaidh na teilifíse.
Rabhadh
Ná cuir aon rud os comhair braiteoir IR na teilifíse mar
7
Page: 7
4
Suiteáil
4.1
Léigh Sábháilteacht
Léigh na treoracha sábháilteachta i dtosach sula n-
úsáideann tú an teilifís.
Chun na treoracha a léamh, sa Treoir úsáideora,
féach ar an gcaibidil Sábháilteacht agus cúram.
4.2
Lonnú Teilifíse
Leideanna maidir le Láithriú
- Cuir an teilifís in áit nach bhfuil solas ag lonrú go
díreach ar an scáileán.
- Socraigh an teilifís suas le 15 cm amach ón mballa.
- Is é an t-achar is fearr le bheith ag féachaint ar an
teilifís uaidh ná trí oiread méid fhiarthrasna an
scáileáin. Nuair atá tú i do shuí, ba cheart go mbeadh
do shúile ar an leibhéal céanna le lár an scáileáin.
Tabhair faoi deara:
Coinnigh an teilifís amach ó fhoinsí as a dtagann
dusta, cosúil le soirn. Moltar duit an dusta a ghlanadh
go rialta ionas nach ngabhfaidh sé isteach sa teilifís.
Seastán teilifíse
Is féidir leat na treoracha chun an seastán teilifíse a
ghléasadh a fháil sa Treoir Mhearthosaithe a tháinig
leis an teilifís. Is féidir leat an treoir seo a íoslódáil ó
www.philips.com sa chás gur chaill tú í.
Úsáid uimhir múnla na teilifíse chun cuardach a
dhéanamh don Treoir Mearthosaithe atá le híoslódáil.
Gléasadh Balla
Sraith teilifíse 4304, 4354
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
- 24PHx43x4 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 10
mm, Uasmhéid 12 mm)
Ullmhúchán
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
Sraith teilifíse 4504, 4503
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
- 32PHx450x - VESA MIS-F 100, M6 (Íosmhéid 12
9
Page: 8
mm, Uasmhéid 16 mm)
Ullmhúchán
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
Sraith teilifíse 5304
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
- 22PFS5304 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 8
mm, Uasmhéid 8 mm)
Ullmhúchán
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
Sraith teilifíse 5503
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
- 43PFx5503 - VESA MIS-F 200x100, M6 (Íosmhéid
9 mm, Uasmhéid 11 mm)
Ullmhúchán
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
Sraith teilifíse 5505, 5525, 5535
Tá do theilifís ullmhaithe freisin do bhrac atá
comhlíontach le VESA chun í a ghléasadh ar an
mballa (díoltar leis féin é).
Úsáid an cód VESA seo a leanas nuair atá an
gléasadh balla á cheannach agat. . .
- 24PFx55x5 - VESA MIS-F 75x75, M4 (Íosmhéid 8
mm, Uasmhéid 10 mm)
- 32PHx55x5 - VESA MIS-F 100, M6 (Íosmhéid 12 mm,
10
Page: 9
Uasmhéid 16 mm)
- 43PFx55x5 - VESA MIS-F 200x100, M6 (Íosmhéid
8 mm, Uasmhéid 10 mm)
Ullmhúchán
Cinntigh go dtéann na scriúnna miotail thart ar 10mm
isteach i mboisc shnáithithe na teilifíse chun an teilifís
a ghléasadh ar an mbrac atá oiriúnach le VESA.
Tabhair faoi deara
I gcás an mhúnla 24 orlach, cinntigh nach gcuirfidh an
pillín nó an brac gléasta níos mó isteach ar an nascóir
cumhachta.
Rabhadh
Teastaíonn scileanna sainiúla chun an teilifís a
ghléasadh ar an mballa agus ní ceart d'aon duine ach
pearsanra atá cáilithe tabhairt faoi. Ba cheart go
gcomhlíonfadh gléasadh balla na teilifíse caighdeáin
sábháilteachta atá bunaithe ar mheáchan na teilifís.
Léigh na réamhchúraim shábháilteachta ar dtús
freisin sula lonnóidh tú an teilifís.
Ní bheidh TP Vision Europe B.V. freagrach as aon
ghléasadh míchuí ná gléasadh ar bith a éiríoinn
timpiste nó gortú as.
4.3
Cas air an teilifís
Nasc Cábla Cumhachta
- Cuir an cábla cumhachta isteach na
nascóir POWER ar chúl na teilifíse.
- Cinntigh go bhfuil an cábla cumhachta curtha
isteach sa nascóir i gceart.
- Cinntigh go bhfuil an pluga cumachta sa soicéad
balla inrochtana i gcónaí.
- Nuair a dhíphlugálann tú an cábla cumhachta,
tarraing an pluga i gcónaí, ní an cábla.
Do 32" nó níos airde
Do 22"/24"
Do 24PFS5535
D'ainneoin go bhfuil tomhaltas cumhachta an-íseal
ag an teilifís seo nuair atá sé ar fuireachas, bain
amach an cábla cumhachta chun fuinneamh a
shábháil mura mbeidh an teilifís in úsáid ar feadh
tréimhse fada.
11
Page: 10
HDMI - DVI (sraith teilifíse 4304,
4354, 5304)
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas
DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de
na naisc HDMI 2 le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid an nasc HDMI 2 agus
cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
Do 22"/24"
* Is do mhúnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe amháin
an port líonra.
** Is don tsraith xxPxSxxxx amháin an port satailíte
HDMI - DVI (sraith teilifíse 5505, 5525,
5535)
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas
DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de
na naisc HDMI 2 le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid an nasc HDMI 2 agus
cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
Do 24"
* Is do mhúnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe amháin
an port líonra.
** Is don tsraith xxPxSxxxx amháin an port satailíte
Nasc HDMI CEC - EasyLink
Nasc gléasanna HDMI CEC-comhoiriúnacha le do
theilifís, is féidir leat iad a oibriú leis an
gcianrialtán. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh
air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
Cas air EasyLink
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > EasyLink > EasyLink > Air
Oibrigh gléasanna HDMI CEC-comhoiriúnacha le
cianrialtán na teilifíse
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > EasyLink > Cianrialtán EasyLink > Air
Tabhair faoi deara:
- Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le
gléasanna ó bhrandaí eile.
- Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC
ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet,
Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink
16
Page: 11
Do 24"
* Is do mhúnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe amháin
an port líonra.
** Is don tsraith xxPxSxxxx amháin an port satailíte
Headphones (4503, 5503, 4304,
4354, 4504, 5304 series TV)
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar
thaobh na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is
féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
Cluasáin (sraith teilifíse 5505, 5525,
5535)
Is féidir leat cluasáin a nascadh leis an nasc ar
thaobh na teilifíse. Is mion-seac 3.5mm an nasc. Is
féidir leat airde fuaime na gcluasán a athrú leo féin.
Do 32" nó níos airde
Do 24"
* Is do mhúnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe amháin
an port líonra.
18
Page: 12
** Is don tsraith xxPxSxxxx amháin an port satailíte
5.7
Ríomhaire
HDMI - DVI (sraith teilifíse 4304,
4354, 5304)
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas
DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de
na naisc HDMI 2 le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid an nasc HDMI 2 agus
cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
Do 22"/24"
* Is do mhúnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe amháin
an port líonra.
** Is don tsraith xxPxSxxxx amháin an port satailíte
HDMI - DVI (sraith teilifíse 5505, 5525,
5535)
Má tá gléas agat i gcónaí nach bhfuil air ach gléas
DVI, is féidir leat an gléas a nascadh le haon ceann de
na naisc HDMI 2 le cuibheoir DVI go HDMI.
Úsáid cuibheoir DVI go HDMI mura bhfuil ag do
ghléas ach nasc DVI. Úsáid an nasc HDMI 2 agus
cuir cábla Fuaime Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm)
isteach san Audio In le haghaidh fuaime, ar chúl na
teilifíse.
Do 24"
* Is do mhúnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe amháin
an port líonra.
** Is don tsraith xxPxSxxxx amháin an port satailíte
VGA (má tá fáil air)
Úsáid cábla VGA mura bhfuil ar do ghléas ach nasc
VGA. Úsáid an nasc VGA agus cuir cábla Fuaime
Clé/Deas (mion-seac 3.5 mm) isteach san Audio In le
haghaidh fuaime, ar chúl na teilifíse.
Do 22"/24" (sraith 4304, 4354,5304)
Don 24” (sraith 5505, 5525, 5535)
19
Page: 13
* Is do mhúnlaí teilifíse na Ríochta Aontaithe amháin
an port líonra.
** Is don tsraith xxPxSxxxx amháin an port satailíte
Socruithe idéalacha
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Ríomhaire
Athraigh an socrú go Air don socrú pictiúir is fearr
nuair atá do theilifís in úsáid mar mhonatóir
ríomhaireachta agat.
* Níl fáil air ach amháin d’fhoinsí HDMI agus VGA.
5.8
CAM le Cárta Cliste - CI+
Maidir le CI+
Tá an teilifís seo réidh do Rochtain Choinníollach CI+.
Is féidir leat féachaint ar scothchláir HD, cosúil le
scannáin agus cláir spóirt atá curtha ar fáil ag
oibritheoirí teilifíse digití i do réigiún le CI+. Déanann
an t-oibritheoir teilifíse scrobhadh ar na cláir seo agus
díscrobhtar iad le modúl CI+ réamhíoctha.
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollach - CAM) ar fáil mar aon le cárta
cliste a ghabhann leis, nuair a liostálann tú lena gcláir
phréimhe. Bíonn ardleibhéal cosanta ar chóipeáil ag
an cláir seo.
Déan teagmháil le oibritheoir teilifíse digití le
haghaidh tuilleadh eolais maidir le téarmaí agus
coinníollacha.
Cárta Cliste
Cuireann oibritheoirí teilifíse digití modúl CI+ (Modúl
Rochtana Coinníollaí - CAM) ar fáil, agus cárta cliste a
ghabhann leis, nuair a dhéanann tú suibscríbhinn dá
scothchláir.
Cuir an cárta cliste isteach sa mhodúl CAM. Féach ar
an treoir a fuair tú ón oibritheoir.
Chun an CAM a chur isteach sa teilifís…
1. Beidh an modh ceart chun an CAM a chur isteach le
feiceáil ar an gCAM. Má chuireann tú isteach mícheart
é, d'fhéadfá damáiste a dhéanamh don CAM agus
don teilifís.
2. Agus tú ag féachaint ar chúl na teilifíse, agus
aghaidh an CAM i do threo, cuir an CAM isteach go
réidh sa sliotán COMMON INTERFACE.
3. Brúigh an CAM isteach chomh fada is a rachaidh sé.
Fág sa sliotán go buan é.
Nuair chasann tú air an teilifís, d'fhéadfadh roinnt
nóiméad a bheith i gceist sula ngníomhachtófar an
CAM. Má chuirtear CAM isteach agus má íoctar na
táillí suibscríbhinne (bíonn modhnna suibscríbhinne
éagsúla ann), is féidir leat féachaint ar na cainéil
scrofa a dtacaíonn an cárta cliste CAM leo.
Is do do theilifís amháin an CAM agus an cárta cliste.
Má bhaineann tú an CAM amach, ní bheidh tú in ann
féachaint ar na cainéil scrofa a dtacaíonn CAM leo.
Don tsraith teilifíse 4503, 5503, 4304, 4354, 4504,
5304
Don tsraith teilifíse 5505, 5525, 5535
20
Page: 14
Féach ar Chainéal ar Chárta Cliste
Is féidir leat féachaint ar chainéil atá suiteáilte ó
chártaí CI/CAM.
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2. Roghnaigh: CI+ Liosta cainéal .
Socraigh Pasfhocail agus cóid PIN
Ní mór duit cód PIN a chur isteach i gcás roinnt
CAManna chun féachaint ar a chainéil. Nuair a
shocraíonn tú an cód PIN don CAM, molaimid duit an
cód céanna a úsáid is atá in úsáid agat chun an teilifís
a dhíghlasáil.
Chun an cód PIN a shocrú don CAM…
(Baile) > Socruithe > Glas leanaí > PIN CAM
5.9
Gléas USB
Méaróg Chuimhne USB
Is féidir leat féachaint ar ghrianghraif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg USB nasctha. Cuir
isteach méaróg chuimhne USB sa nasc USB ar an
teilifís nuair atá an teilifís casta air.
Braitheann an teilifís an mhéaróg chuimhne agus
osclaíonn sí liosta a thaispeánann a bhfuil ann.
Mura dtaispeántar a bhfuil ann go huathoibríoch,
brúigh SOURCES agus roghnaigh USB.
Don tsraith teilifíse 4503, 5503, 4304, 4354, 4504,
5304
Don tsraith teilifíse 5505, 5525, 5535
Diosca Crua USB
Má nascann tú Diosca Crua USB, is féidir leat craoltaí
teilifíse digití a chur ar sos nó a thaifeadadh (craoltaí
DVB nó a leithéid).
Íos-Spás Diosca
- Chun craoladh a chur ar sos, teastaíonn Diosca Crua
uait atá comhoiriúnach le USB agus a bhfuil ar a
laghad 4GB de spás ar an diosca.
- Chun craoladh a chur ar sos agus a thaifeadadh,
teastaíonn ar a laghad 32GB de spás ar an diosca.
Sular féidir leat craoladh a chur ar sos agus a
thaifeadadh, ní mór duit Diosca Crua USB a nascadh
agus a fhormáidiú. Bainfidh an formáidiú as gach
comhad ón Diosca Crua USB.
* Ní thacaíonn múnlaí na Tuirce le taifeadadh teilifíse
ná le cur ar sos.
Don tsraith teilifíse 4503, 5503, 4304, 4354, 4504,
5304
21
Page: 15
Don tsraith teilifíse 5505, 5525, 5535
Rabhadh:
Tá an Diosca Crua USB formáidithe go heisiach don
teilifís seo agus ní féidir leat na taifeadtaí stóráilte a
úsáid ar theilifís ná ar ríomhaire eile. Ná cóipeáil agus
ná hathraigh comhaid taifeadtaí ar an Diosca Crua
USB le haon fheidhmchlár ríomhaireachta.
Truailleoidh sé sin do thaifeadtaí. Nuair a
fhormáidíonn tú Diosca Crua USB eile, caillfear an
méid a bhí ar an gceann roimhe sin. Beidh
athfhormáidiú ag teastáil ó Dhiosca Crua USB atá
suiteáilte ar do theilifís le haghaidh a úsáide le
ríomhaire.
5.10
Líonra Sreangaithe -
Freeview (Is do mhúnlaí na
Ríochta Aontaithe amháin an
port líonra)
Líonra
Maidir le Líonra
Is do ghnéithe sruthaithe Freeview HD amháin an port
agus an fheidhm líonra.
Nasc le Líonra (don tsraith teilifíse 4503, 5503, 4304,
4354, 4504, 5304)
Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an
Idirlíon chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon.
Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon.
Déan an nasc
Chun nasc sreangaithe a dhéanamh…
1. Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2. Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.
3. Brúigh (Baile) ,
roghnaigh Socruithe > Líonra agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
4. Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.
5. Roghnaigh Sreangaithe agus
brúigh OK. Déanann an teilifís cuardach leanúnach
don nasc líonra.
6. Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an
ródaire a sheiceáil. Ba cheart go mbeadh DHCP casta
air.
Nasc le Líonra (don tsraith teilifíse 5505, 5525, 5535)
Teastaíonn ródaire líonra uait atá nasctha leis an an
Idirlíon chun an teilifís a nascadh leis an Idirlíon.
Úsáid nasc ardluais (leathanbhanda) leis an Idirlíon.
Do 32" nó níos airde
22
Page: 16
Do 24"
Déan an nasc
Chun nasc sreangaithe a dhéanamh…
1. Nasc an ródaire leis an teilifís le cábla líonra (cábla
Ethernet**).
2. Bí cinnte go bhfuil an ródaire casta air.
3. Brúigh (Baile) ,
roghnaigh Socruithe > Líonra agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
4. Roghnaigh Nasc le líonra agus brúigh OK.
5. Roghnaigh Sreangaithe agus
brúigh OK. Déanann an teilifís cuardach leanúnach
don nasc líonra.
6. Taispeánfar teachtaireacht nuair a dhéanfar an
nasc.
Má theipeann ar an nasc, is féidir leat socrú DHCP an
ródaire a sheiceáil. Ba cheart go mbeadh DHCP casta
air.
Socruithe Líonra
(Baile) > Socruithe > Líonra > Féach ar
shocruithe líonra
Is féidir leat gach socrú líonra reatha a fheiceáil anseo.
An seoladh IP agus MAC, neart an chomhartha, luas,
modh criptithe, etc.
(Baile) > Socruithe > Líonra > Cumraíocht
líonra
Mar rogha air sin, más ardúsáideoir tú agus má tá uait
do líonra a shuiteáil le seolachán IP Statach, athraigh
socrú na teilifíse go IP Statach.
Roghnaigh Cumraíocht IP Statach agus cumraigh an
nasc. Is féidir leat an uimhir a shocrú don Seoladh
IP, Netmask, Gateway, DNS.
23
Page: 17
6
Athraigh Foinse
6.1
Liosta Foinse
- Chun an roghchlár foinsí a oscailt,
brúigh SOURCES .
- Chun athrú go dtí gléas naschta, roghnaigh an gléas
leis an saigheada (suas) nó (síos) agus
brúigh OK.
- Chun an roghchlár Foinse a dhúnadh gan athrú go
dtí gléas, brúigh SOURCES arís.
6.2
Athainmnigh Gléas
- Ní féidir ach foinsí HDMI, VGA (más ann dóibh),
SCART (más ann dóibh) a athainmniú nó a ndeilbhín
a athrú
1. Brúigh SOURCES , agus roghnaigh HDMI nó
VGA (más ann dóibh).
2. Brúigh Athraigh agus brúigh OK.
3. Roghnaigh ceann de na deilbhíní gléis agus brúigh
OK, taispeánfar an t-ainm réamhshainaithe sa réimse
clóscríbhneoireachta.
4. Sa réimse clóscríbhneoireachta, brúigh OK, ansin
cuir isteach an t-ainm nua trí úsáid a bhaint as an
méarchlár ar an scáileán.
- Brúigh an eochair (dearg) chun téacs a chur
isteach i gcás íochtair
- Brúigh an eochair (uaine) chun téacs a chur
isteach i gcás uachtair
- Brúigh an eochair (buí) chun uimhir nó siombail
a chur isteach
- Brúigh an eochair (gorm) chun carachtar a
scriosadh
5. Roghnaigh Déanta nuair atá tú réidh.
24
Page: 18
7
Cainéil
7.1
Maidir le Cainéil agus
Athraigh Cainéil
Chun féachaint ar chainéil teilifíse
- Brúigh . Tiúnálann an teilifís go dtí an cainéal
teilifíse a raibh tú ag féachaint air go deireanach.
- Brúigh (Baile) > Cainéil agus brúigh OK.
- Brúigh + nó - chun cainéil a athrú.
- Má tá an uimhir cainéil ar eolas agat, clóscríobh an
uimhir leis na heochracha uimhreach. Brúigh OK tar
éis duit an uimhir a chur isteach chun cainéil a athrú.
- Chun athrú ar ais go dtí an cainéal a bhí tiúnáilte
cheana, brúigh BACK .
Chun athrú go cainéal ó liosta cainéal
- Ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh LIST
chun na liostaí cainéil a oscailt.
- D’fhéadfadh roinnt leathanach a bheith ag liosta na
gcainéal. Chun féachaint ar an gcéad leathanach eile
nó ar an leathanach roimhe sin,
brúigh + nó -.
- Chun na liostaí cainéal a dhúnadh gan cainéil a
athrú, brúigh LIST arís.
Deilbhíní cainéal
Tar éis do Nuashonrú Cainéal Uathoibríoch a bheith
déanta ar an liosta cainéal, marcáltar cainéil nua le
(réalta).
Má ghlasálann tú cainéal, marcálfar le (glas) é.
Cainéil raidió
Má tá craolachán digiteach ar fáil, suiteáltar stáisiúin
raidió dhigiteacha le linn suiteála. Athraigh go cainéal
raidió díreach ar an gcaoi chéanna is a athraíonn tú
go cainéal teilifíse.
Is féidir leis an teilifís seo teilifís dhigiteach ar
chaighdeán DVB a fháil. D'fhéadfadh an teilifís gan
oibriú i gceart le roinnt oibritheoirí teilifíse digití,
neamhchomhlíonadh le riachtanais an chaighdeáin
ina n-iomláine.
7.2
Suiteáil Cainéal
Aeróg agus Cábla
Déan cuardach de láimh do Chainéil agus do
Shocruithe Chainéil
Déan cuardach do chainéil
Nuashonraigh liosta cainéal reatha
(Baile) > Socruithe > Suiteáil
aeróige/cábla > Déan cuardach do
chainéil > Nuashonraigh cainéil
Athsuiteáil gach cainéal
(Baile) > Socruithe > Suiteáil
aeróige/cábla > Déan cuardach do
chainéil > Athshuiteáil cainéil
1. Roghnaigh an tír ina bhfuil tú anois agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Aeróg (DVB-T) nó Cábla (DVB-C) ,
agus roghnaigh mír amháin a dteastaíonn uait é a
athshuiteáil.
3. Roghnaigh Cainéil dhigiteacha agus analógacha,
Cainéil dhigiteacha amháin, nó Cainéil analógacha
amháin.
4. Roghnaigh Tosaigh agus brúigh OK chun cainéil
a nuashonrú. D'fhéadfadh sé sin roinnt nóiméad a
thógáil.
Socruithe Cainéal
(Baile) > Socruithe > Suiteáil
aeróige/cábla > Déan cuardach do
chainéil > Athshuiteáil cainéil
1. Roghnaigh an tír ina bhfuil tú anois agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Aeróg (DVB-T) nó Cábla (DVB-C) ,
agus roghnaigh mír amháin a dteastaíonn uait é a
athshuiteáil.
3. Roghnaigh Cainéil dhigiteacha agus analógacha,
Cainéil dhigiteacha amháin, nó Cainéil analógacha
amháin.
4. Roghnaigh Socruithe agus brúigh OK.
4. Brúigh (dearg) chun athshocrú, nó brúigh
(glas) nuair atá na socruithe athraithe agat.
Scan minicíochta
Roghnaigh an modh chun cuardach a dhéanamh do
chainéil.
-Mearscanadh: roghnaigh an modh níos tapúla agus
na socruithe réamhshainithe atá á n-úsáid ag an
gcuid is mó de na soláthróirí cábla i do thír a úsáid.
- Iomlán: Má fhágann sé sin nach mbeidh aon
chainéal suiteáilte nó má tá roinnt cainéal ar iarraidh,
is féidir leat an modh Iomlán a úsáid. Bíonn níos mó
ama ag teastáil ón modh sin chun cainéil a chuardach
agus a shuiteáil.
25
Page: 19
- Ardsocruithe: Má fuair tú luach sonrach minicíochta
líonra chun cainéil a chuardach, roghnaigh
Ardsocruithe.
Mód minicíochta líonra
Má tá sé ar intinn agat an modh tapaidh
Mearscanadh sa Scanadh Minicíochta a úsáid chun
cainéil a chuardach, roghnaigh Uathoibríoch.
Úsáidfidh an teilifís 1 de na minicíochtaí líonra
réamhshainithe (nó HC - cainéal frithinge) mar atá in
úsáid ag an gcuid is mó de sholáthróirí cábla i do thír.
Má fuair tú luach sonrach minicíocht líonra chun
cainéil a chuardach, roghnaigh De Láimh.
Minicíocht líonra
Nuair atá an socrú De Láimh i bhfeidhm don Mhód
minicíochta líonra, is féidir leat an luach minicíochta
líonra a fuair tú ó d'oibritheoir cábla a chur isteach
anseo. Úsáid na heochracha uimhreach chun an
luach a chur isteach.
Mód Ráta Siombaile
Murar thug do sholáthróir cábla luach ráta
siombaile le suiteáil ar na cainéil teilifíse, fág an
socrú Mód Ráta Siombaile ar Uathoibríoch.
Má fuair tú luach ráta siombaile sonrach,
roghnaigh De Láimh.
Symbol rate
Nuair atá an Mód ráta siombaile socraithe do De
láimh, is féidir leat an mód ráta siombaile a chur
isteach trí úsáid a bhaint as na heochracha
uimhreach.
Saor/Scrofa
Má tá suibscríbhinn agus CAM - Modúl Rochtana
Coinníollaí agat le haghaidh seirbhísí teilifíse nach
mór íoc astu, roghnaigh Saor + Scrofa. Mura bhfuil
suibscríbhinn agat chun cainéil nó seirbhísí teilifíse
nach mór íoc astu a fháil, is féidir leat Cainéil in Aisce
Amháin a roghnú.
Déan Cuardach Uathoibríoch do Chainéil
(Baile) > Socruithe > Aeróg/cábla
installlation > Nuashonrú cainéil uathoibríoch
Má fhaigheann tú cainéil dhigiteacha, is féidir leat an
teilifís a shocrú chun an liosta a nuashonrú leis na
cainéil nua.
Mar rogha air sin, is féidir leat nuashonrú cainéal a
thosú tú féin.
Nuashonrú cainéil uathoibríoch
Déanann an teilifís nuashonrú ar na cainéil agus
stórálann sé cainéil nua uair amháin in aghaidh an
lae, ag 6 AM. Stóráltar cainéil nua sa liosta Gach
cainéal ach sa liosta Cainéil nua freisin. Baintear
cainéil fholmha as.
Má aimsítear cainéil nua nó má dhéantar nuashonrú
ar chainéil nó má bhaintear as iad, taispeántar
teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar air í. Ní mór
don teilifís a bheith ar Fuireachas chun cainéil a
nuashonrú go huathoibríoch.
Teachtaireacht Nuashonrú cainéil
(Baile) > Socruithe > Suiteáil
aeróige/cábla > Teachtaireacht nuashonraithe
cainéil
Nuair a aimsítear cainéil nua nó má dhéantar
nuashonrú ar chainéil nó má bhaintear as iad,
taispeántar teachtaireacht ar an teilifís nuair a chastar
air í. Is féidir leat an teachtaireacht sin a chasadh as
ionas nach dtaispeánfar í i ndiaidh gach nuashonrú
cainéal.
Digiteach: Tástáil Ghlacachta
(Baile) > Socruithe > Suiteáil
aeróige/cábla > Digiteach: Tástáil Ghlacachta
Taispeánfar an mhinicíocht dhigiteach don chainéal
seo. Má tá an ghlacacht lag, is féidir suíomh na
haeróige a athrú. Chun caighdeán comhartha na
minicíochta a sheiceáil arís,
roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK.
Chun minicíocht dhigiteach shonrach a chur isteach tú
féin, úsáid eochracha an chianrialtáin. Mar rogha air
sin, roghnaigh an mhinicíocht, cuir na saigheada ar
uimhir le agus agus athraigh an uimhir
le agus . Chun an mhinicíocht a sheiceáil,
roghnaigh Cuardaigh agus brúigh OK.
Má úsáideann tú DVB-C chun cainéil a fháil, tá an
rogha Modh Ráta Siombaile ar fáil. I gcás Mód Ráta
Siombailí, roghnaigh Uathoibríoch, murar thug
d'oibritheoir cábla luach ráta siombailí sonrach duit.
Chun an luach ráta siombaile a chur isteach,
roghnaigh Ráta siombaile, agus úsáid na heochracha
uimhreach nó agus .
Analógach: Suiteáil de Láimh
(Baile) > Socruithe > Suiteáil
aeróige/cábla > Analógach: Suiteáil de Láimh
Is féidir cainéil teilifíse analógacha a shuiteáil de
láimh, cainéal i ndiaidh cainéil.
Córas
Chun an córas teilifíse a shocrú, roghnaigh Córas.
Roghnaigh do thír nó an chuid sin den domhan a
bhfuil tú anois ann agus brúigh OK.
Cuardaigh Cainéal
Chun cainéal a aimsiú, roghnaigh Cuardaigh
Cainéal agus brúigh OK. Is féidir leat minicíocht a
chur isteach tú féin chun cainéal a aimsiú nó ligint
26
Page: 20
don teilifís cuardach a dhéanamh don chainéal.
Brúigh OK, roghnaigh Cuardach agus
brúigh OK chun cuardach uathoibríoch a dhéanamh
do chainéal. Taispeánfar an cainéal a aimseofar ar an
scáileán agus má tá an ghlacacht go dona,
brúigh Cuardaigh arís. Má tá uait an cainéal a stóráil,
roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
Míntiúnáil
Chun cainéal a mhíntiúnáil,
roghnaigh Míntiúnáil agus brúigh OK. Is féidir leat
an cainéal a mhíntiúnáil le nó .
Má tá uait an cainéal a aimsíodh a stóráil,
roghnaigh Déanta agus brúigh OK.
Stóráil
Is féidir leat an cainéal a stóráil ar uimhir an chainéil
reatha nó mar uimhir cainéil nua.
Roghnaigh Stóráuil agus brúigh OK. Taispeánfar an
uimhir nua cainéal.
Is féidir leat na céimeanna seo a dhéanamh arís agus
arís eile go dtí go bhfuil gach cainéal teilifíse
analógach aimsithe agat.
Satailít (má tá fáil air)
Maidir le Suiteáil Satailítí
Suas le 4 Satailít
Is féidir leat suas le 4 satailít (4 LNBanna) a shuiteáil
ar an teilifís seo. Roghnaigh díreach an líon satailítí ar
mian leat iad a shuiteáil ag tús na suiteála. Éascóidh
sé sin an tsuiteáil.
Unicable
Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun an mhias
aeróige a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat Unicable
a roghnú do shatailít 1 nó 2 satailít ag tús na suiteála.
MDU - Aonad Ilteaghais
Tacaíonn tiúnóirí satailíte ionsuite na teilifíse seo le
MDU ar na satailítí Astra agus le Digiturk ar shatailít
Eutelsat. Ní thacaítear le MDU ar Türksat.
Cuir tús leis an tSuiteáil
Nuashonraigh Cainéil
(Baile) > Socruithe > Suiteáil satailíte > Déan
cuardach do shatailít > Nuashonraigh cainéil
Is féidir leat i gcónaí nuashonrú cainéal a thosú de
láimh, cuirfear cainéiil nua leis an liosta, agus bainfear
cainéal nach bhfuil fáil orthu a thuilleadh as.
Cuir isteach an cód PIN más gá.
Athsuiteáil Cainéil
(Baile) > Socruithe > Suiteáil satailíte > Déan
cuardach do chainéil > Athshuiteáil cainéil
Is féidir leat satailítí agus cainéil a chuardach arís de
láimh.
1. Roghnaigh rogha amháin a bhfuil uait é a
athshuiteáil.
2. Roghnaigh Socruithe nó roghnaigh Tosaigh chun
cainéil a nuashonrú.
Roghchlár Socruithe
Brúigh Athshocraigh chun athshocrú, nó
brúigh Déanta nuair atá na socruithe athraithe
agat.
- Cineál naisc
Roghnaigh an líon satailítí a bhfuil uait iad a shuiteáil.
Socraíonn an teilifís an cinéal naisc cuí go
huathoibríoch
• Suas le 4 Satailít - Is féidr leat suas le 4 satailít (4
LNBanna) a shuiteáil ar an teilifís seo. Roghnaigh
díreach an líon satailítí ar mian leat iad a shuiteáil ag
tús na suiteála. Éascóidh sé sin an tsuiteáil.
• Unicable - Is féidir leat córas Unicable a úsáid chun
an mhias aeróige a nascadh leis an teilifís. Is féidir leat
Unicable a roghnú do shatailít 1 nó 2 satailít ag tús na
suiteála.
- Socruithe LNB
Is féidir leat na sainsocruithe don trasfhreagróir
frithinge agus do gach LNB a athrú i roinnt tíortha. Ná
húsáid ná athraigh na socruithe sin nuair atá teiptha
ar ghnáthshuiteáil. Má tá trealamh satailíte nach
bhfuil caighdeánach agat, is féidir leat na socruithe sin
a úsáid chun na gnáthshocruithe a shárú. D'fhéadfadh
roinnt soláthróirí luachanna don trasfhreagróir nó don
LNB a thabhairt duit ar féidir leat iad a chur isteach
anseo.
• Cumhacht LNB - Is é an socrú réamhshainithe don
Chumhacht LNB ná Air.
• Ton 22 kHz - Is é an socrú réamhshainithe don Ton
ná Uathoibríoch.
• Minicíocht LO Íseal/ Minicíocht LO Ard - Socraítear
minicíochtaí na n-ascaltóirí áitiúla do luachanna
caighdeánacha. Ná hathraigh na luachanna ach
amháin i gcás trealaimh eisceachtúil a bhfuil
luachanna éagsúla ag teastáil uaidh.
Cuir isteach an cód PIN más gá.
27
Page: 21
2. Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a bhfuil
liosta cainéal na teilifíse eile air.
3. Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
brúigh (Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil liosta cainéal > Cóipeáil
chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do
chód PIN más gá.
4. Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an
liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach
an mhéaróg chuimhne USB.
Teilifíseanna Suiteáilte
Ag brath ar do theilifís a bheith suiteáilte cheana féin
nó gan a bheith suiteáilte, ní mór duit bealach éagsúil
a úsáid chun liosta cainéal a uaslódáil.
Go dtí teilifís atá suiteáilte cheana féin
1. Fíoraigh socrú tíre na teilifíse. (Chun an socrú seo a
fhíorú, féach ar an gcaibidil Athshuiteáil cainéil.
Tosaigh an nós imeachta seo go dtí go mbainfidh tú
an socrú tíre amach. Brúigh BACK chun an
tsuiteáil a chealú.)
Má tá an tír ceart, lean ar aghaidh le céim 2.
Mura bhfuil an tír ceart, ní mór duit athshuiteáil nua a
dhéanamh. Féach ar an gcaibidil Athshuiteáil
cainéilagus tosaigh an tsuiteáil. Roghnaigh an tír
cheart agus gabh thar an gcuardach cainéil.
Críochnaigh an tsuiteáil. Nuair atá sé sin déanta agat,
lean ar aghaidh le céim 2.
2. Plugáil isteach an mhéaróg chuimhne USB a bhfuil
liosta cainéal na teilifíse eile air.
3. Chun tús a chur leis an uaslódáil liosta cainéal,
brúigh (Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Cóipeáil Liosta Cainéal > Cóipeáil
chuig an teilifís agus brúigh OK. Cuir isteach do chód
PIN más gá.
4. Cuirfidh an teilfís ar an eolas tú má chóipeáiltear an
liosta cainéal go dtí an teilifís go rathúil. Bain amach
an mhéaróg chuimhne USB.
Roghanna Cainéal
Roghanna Oscailte
Agus tú ag féachaint ar chainéal, is féidir leat roinnt
roghanna a shocrú.
Ag brath ar an gcineál cainéil a bhfuil tú ag féachaint
air (analógach nó digiteach) nó ag brath ar na
socruithe teilifíse atá déanta agat, tá roinnt roghanna
ar fáil.
Chun roghchlár na roghanna a oscailt…
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal, brúigh
OPTIONS .
2. Brúigh OPTIONS arís chun é a dhúnadh..
Fotheidil
Chun Fotheidil a chasadh air, brúigh SUBTITLE.
Is féidir leat fotheidil a athrú go Fotheideal
air nó Fotheideal as. Mar rogha air sin, is féidir leat
Uathoibríoch a roghnú.
Uathoibríoch
Más faisnéis teanga cuid den chraoladh digiteach
agus mura bhfuil an clár atá á chraoladh i do theanga
(an teanga a socraíodh ar an teilifís), is féidir leis an
teilifís fotheidil a thaispeáint go huathoibríoch i
gceann amháin de na teangacha fotheideal atá
roghnaithe agat. Ní mór do cheann amháin de na
teangacha fotheideal sin a bheith ina cuid den
chraoladh.
Is féidir leat na teangacha fotheideal is fearr leat a
roghnú in Teanga Fotheideal.
Teanga Fotheideal
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fotheideal
is fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fotheideal eile
atá ar fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fotheideal
ar fáil, ní féidir leat an rogha seo a roghnú.
Teanga Fuaime
Mura bhfuil aon cheann de na teangacha fuaime is
fearr leat ar fáil, is féidir leat teanga fuaime eile atá ar
fáil a roghnú. Mura bhfuil aon teanga fuaime ar fáil, ní
féidir leat an rogha seo a roghnú.
Dual I-II
Má tá dhá theanga fuaime ag comhartha fuaime ach
gan aon tásc teanga ag teanga amháin nó ag an dá
theanga, beidh an rogha seo ar fáil.
Comhéadan Coiteann
Má tá scothábhar réamhíoctha ar fáil ó CAM, is féidir
leat socraithe an tsoláthróra a shocrú leis an rogha
seo.
Monofónach / Steiréafónach
Is féidir leat fuaim cainéil analógaigh a athrú go
Monofónach nó Steiréafónach.
Chun athrú go Monofónach nó Steiréafónach…
30
Page: 22
1. Tiúnáil go dtí cainéal analógaigh.
2. Brúigh OPTIONS, roghnaigh Monofónach /
Steiréafónach agus brúigh (deas).
3.
Roghnaigh Monofónach nó Steiréafónach agus
brúigh OK.
4. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
Stádas
Roghnaigh Stádas chun faisnéis theicniúil faoin
gcainéal a fheiceáil.
Clog
Am taispeána ar choirnéal scáileán na teilifíse.
7.3
Liosta Cainéal
Oscail Liosta cainéal
Chun an liosta cainéal reatha a oscailt…
1. Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2. Brúigh LIST chun an liosta cainéal reatha a
oscailt.
3. Brúigh OPTIONS > Roghnaigh liosta cainéal,
agus roghnaigh liosta cainéal amháin a bhfuil uait
féachaint air.
4. Brúigh LIST arís chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Roghanna Liosta Cainéal
Oscail an Roghchlár Roghanna
Chun roghchlár roghanna an liosta cainéal a oscailt...
1. Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2. Brúigh LIST chun an liosta cainéal reatha a
oscailt.
3. Brúigh OPTIONS , agus roghnaigh ceann de na
roghanna.
4. Brúigh LIST arís chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Athaimnigh Cainéal
1. Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2. Brúigh LIST chun an liosta cainéal reatha a
oscailt.
3. Roghnaigh cainéal amháin a bhfuil uait é a
athainmniú.
4. Brúigh OPTIONS > Athainmnigh cainéal, agus
brúigh OK.
5. Brúigh OK chun an méarchlár ar an scáileán a
oscailt, nó roghnaigh Folaigh chun an méarchlár ar an
scáileán a fholú.
6. Úsáid na heochracha nascleanúna chun carachtar a
roghnú, ansin brúigh OK.
- Brúigh an eochair (dearg) chun téacs a chur
isteach i gcás íochtair
- Brúigh an eochair (uaine) chun téacs a chur
isteach i gcás uachtair
- Brúigh an eochair (buí) chun uimhir nó siombail
a chur isteach
- Brúigh an eochair (gorm) chun carachtar a
scriosadh
7. Roghnaigh Déanta nuair atá tú réidh.
8. Brúigh LIST arís chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
Cruthaigh nó Athraigh Liosta Cainéal Ceanán
LIST > OPTIONS > Cruthaigh liosta ceanán
Roghnaigh cainéal, ansin brúigh OK chun liosta
cainéal ceanán a chur leis an liosta, ansin brúigh
Déanta.
LIST > OPTIONS > Athraigh ceanáin
Roghnaigh caineal agus ansin brúighOK chun liosta
cainéal ceanán a chur leis an liosta nó a bhaint as,
ansin brúigh Déanta.
Roghnaigh Raon Cainéal
LIST > OPTIONS > Roghnaigh raon cainéal
Roghnaigh raon cainéal i liosta cainéal ceanán, ansin
brúigh OK.
Roghnaigh Liosta Cainéal
LIST > OPTIONS > Roghnaigh liosta
cainéal
Roghnaigh raon cainéal i liosta cainéal ceanán, ansin
brúigh OK.
Glasáil, Díghlasáil Cainéal
LIST > OPTIONS > Glasáil Cainéal,
Díghlasáil cainéal
Chun leanaí a chosc ó fhéachaint ar chainéal, is féidir
leat cainéal a ghlasáil. Chun féachaint ar chainéal atá
glasáilte, ní mór duit an Cód Glais Leanaí a chur
isteach ar dtús. Ní féidir leat cláir a ghlasáil ó
ghléasanna nasctha.
31
Page: 23
Beidh in aice leis an lógó cainéil ag an gcainéal
glasáilte.
Déan Cuardach do Chainéil
LIST > OPTIONS > Déan cuardach do
chainéal
Is féidir leat cuardach a dhéanamh do chainéal chun
é a aimsiú i liosta fada cainéal.
1. Brúigh , chun athrú go dtí an teilifís.
2. Brúigh LIST chun an liosta cainéal reatha a
oscailt.
3. Brúigh OPTIONS > Déan cuardach do
chainéal, agus brúigh OK.
Sa réimse clóscríbhneoireachta, brúigh OK chun an
méarchlár ar an scáileán a oscailt, nó brúigh
BACK chun an méarchlár ar an scáileán a fholú.
Úsáid na heochracha nascleanúna chun carachtar a
roghnú, ansin brúigh OK.
- Brúigh an eochair (dearg) chun téacs a chur
isteach i gcás íochtair
- Brúigh an eochair (uaine) chun téacs a chur
isteach i gcás uachtair
- Brúigh an eochair (buí) chun uimhir nó siombail
a chur isteach
- Brúigh an eochair (gorm) chun carachtar a
scriosadh
4. Roghnaigh Déanta nuair atá tú réidh.
5. Brúigh LIST arís chun an liosta cainéal a
dhúnadh.
7.4
Roghnaigh Scagaire Cainéal
LIST > OPTIONS > Roghnaigh scagaire
cainéal
Roghnaigh ceann de na teaglaim cainéal atá ar
taispeáint sa liosta cainéal.
7.5
Cainéil Cheanáin
Maidir le Cainéil Cheanáin
Is féidir leat liosta cainéal ceanán a chruthú nach
bhfuil ann ach na cainéil a bhfuil tú ag iarraidh
féachaint orthu. Ní fheicfidh tú ach na cainéil cheanán
nuair a athraíonn tú cainéal nuair atá an liosta cainéal
Ceanán roghnaithe agat.
Cruthaigh Liosta Ceanán
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse, brúigh
LIST chun an liosta cainéal a oscailt.
2. Roghnaigh an cainéal, agus brúigh Marcáil mar
cheanán chun marcáil mar cheanán.
3. Marcálfar an cainéal roghnaithe le .
4. Brúigh BACK chun críochnú. Tá na cainéil
curtha leis an Liosta ceanán.
Cainéal a bhaint as an Liosta Ceanán
Chun cainéal a bhaint as an liosta ceanán, roghnaigh
an cainéal le , ansin brúigh Dímharcáil mar
cheanán arís chun é a dhímharcáil mar cheanán.
Ord Cainéal a athrú
Is féidir leat cainéil a athordú, a suíomh a athrú, i liosta
na gCeanán.
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse,
brúigh LIST > OPTIONS > Roghnaigh
liosta cainéal.
2. Roghnaigh Aeróg - Cainéil cheanán , Cábla -
Cainéil cheanán nó Satailít - Cainéil cheanán*, agus
brúigh OK.
3. Brúigh OPTIONS , agus roghnaigh Athordaigh
cainéil.
4. Roghnaigh an cainéal atá le hathordú agus
brúigh OK.
5. Brúigh na cnaipí Nascleanúna chun an cainéal
atá roghnaithe a bhogadh go dtí suíomh eile agus
brúigh OK.
6. Brúigh OK nuair atá sé sin déanta agat.
* Ní féidir cuardach a dhéanamh ach do chainéal
satailíte amháin ar na múnlaí teilifíse xxPxSxxx2.
Liosta Ceanán ar an Eolaire Teilifíse
Is féidir leat an tEolaire Teilifíse a nascadh le do Liosta
Ceanán.
1. Agus tú ag féachaint ar chainéal teilifíse,
brúigh LIST > OPTIONS > Roghnaigh
liosta cainéal.
2. Roghnaigh Aeróg - Cainéil cheanán , Cábla -
Cainéil cheanán nó Satailít - Cainéil cheanán*, agus
brúigh OK.
3. Brúigh TV GUIDE chun é a oscailt.
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá
32
Page: 24
sceidealta ar do chainéil cheanáin a fheiceáil leis an
Eolaire Teilifíse. Chomh maith le do do chainéil
cheanáin, cuirfear na 3 cainéal is mó a úsáidtear ó
liosta réamhshainithe an chraoltóra le liosta do
chainéal ceanán. Ní mór duit na cainéil seo a chur le
do liosta ceanán chun iad a fheidhmiú (féach ar an
gcaibidil "Eolaire Teilifíse").
Ar gach leathanach den Eolaire Teilifíse, tá greille “An
raibh a fhios agat?” curtha isteach ar do liosta cainéal
ceanán. Tugann an cainéal “An raibh a fhios agat?”
leideanna úsáideacha faoin gcaoi a n-úsáideann tú
do theilifís a .
* Ní féidir cuardach a dhéanamh ach do chainéal
satailíte amháin ar na múnlaí teilifíse xxPxSxxx2.
Téacs / Teilithéacs
Leathanaigh Téacs
Chun Téacs/Teilitéacs a oscailt, brúigh TEXT, agus tú
ag féachaint ar chainéil teilifíse.
Chun Téacs a dhúnadh, brúigh TEXT arís.
Roghnaigh leathanach téacs
Chun leathanach a roghnú... . .
1. Cuir isteach uimhir an leathanaigh leis na
heochracha uimhreacha.
2. Úsáid na heochracha saighde chun nascleanúint.
3. Brúigh eochair datha chun ábhar atá dathchódaithe
a roghnú ag bun an scáileáin.
Foleathanaigh téacs
Tá roinnt foleathanach in ann a bheith ag leathanach
téacs. Taispeántar uimhreacha na bhfoleathanach ar
bharra in aice le huimhir an phríomhleathanaigh.
Chun foleathanach a roghnú, brúigh nó .
T.O.P. Leathanaigh téacs
Tairgeann roinnt craoltóirí Téacs T.O.P. Téacs.
Chun T.O.P. a oscailt. Leathanaigh Téacs laistigh de
Théacs, brúigh OPTIONS agus roghnaigh
forbhreathnú T.O.P.
* Ní féidir teilithéacs a fháil ach amháin nuair atá na
cainéil suiteáilte go díreach ar thiúnóir inmheánach na
teililfíse agus nuair atá Mód teilifíse air. Má tá bosca
bairr á úsáid, ní bheidh fáil ar an teilithéacs tríd an
teilifís. Sa chás sin, is féidir teilithéacs an bhosca
bhairr a úsáid ina áit.
Roghanna Téacs
Brúigh OPTIONS in Téacs/Teilitéacs chun na rudaí
seo a leanas a roghnú…
- Reoigh leathanch
Chun rothlú uathoibríoch fo-leathanach a stopadh.
- Déscáileán / Scáileán iomlán
Chun an cainéal teilifíse agus Téacs a thaispeáint in
aice a chéile.
- Forbhreathnú ar T.O.P.
Chun T.O.P. a oscailt. Téacs.
- Méadaigh
Chun an leathanach Téacs a mhéadú le go mbeidh sé
éasca é a léamh.
- Nochtaigh
Chun eolas atá i bhfolach ar an leathanach a
thaispeáint.
- Timthriall fo-leathanach
Chun fo-leathanaigh a thimthriall nuair atá fáil orthu.
- Teanga
Chun an grúpa carachtar a mbaineann Téacs úsáid
astu chun taispeáint i gceart a athrú.
Téacs a Shuiteáil
Teanga théacs
Tá roinnt teangacha Téacs ar fáil ag roinnt craoltóirí
teilifíse digití.
Chun do theanga Téacs phríomhúil agus tánaisteach
a shocrú. . .
1. Brúigh , roghnaigh Setting > Réigiúin agus
Teanga agus brúigh (deas) chun an roghchlár a
oscailt.
2. Roghnaigh Teangacha agus
brúigh (deas) chun an roghchlár a oscailt.
3. Roghnaigh Teilitéacs Príomhúil nó Teilitéacs
Tánaisteach agus brúigh OK.
4 Roghnaigh an teanga atá uait agus brúigh OK.
5. Brúigh (clé), arís agus arís eile, más gá, chun an
roghchlár a dhúnadh.
33
Page: 25
8
Eolaire Teilifíse
8.1
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat liosta de na cláir reatha agus iad siúd atá
sceidealta ar do chainéil a fheiceáil leis an Eolaire
Teilifíse. Taispeánfar cainéil analógacha agus
dhigiteacha nó cainéil dhigiteacha amháin, ag brath ar
cé as atá eolas (sonraí) an eolaire teilifíse ag teacht. Ní
bhíonn eolas Eolaire Teilifíse ag gach cainéal.
Is féidir leis an teilifís eolas ón eolaire teilifíse a bhailiú
do na cainéil atá suiteáilte ar an teilifís (e.g na cainéil
a bhféachann tú orthu le Féach ar theilifís). Ní féidir
leis an teilifís eolas ón Eolaire Teilifíse a bhailiú do
chainéil a bhféachtar orthu ó ghlacadóir digiteach.
8.2
An Eolaire Teilifíse a Úsáid
Oscail an Eolaire Teilifíse
Chun an t-eolaire teilifíse a oscailt, brúigh TV
GUIDE.
Brúigh TV GUIDE arís chun dúnadh.
Déanann an teilifís scanadh ar gach cainéal teilifíse le
haghaidh eolas cláir an chéad uair a osclaíonn tú an
tEolaire Teilifíse. D'fhéadfadh sé seo roinnt nóiméad a
thógáil. Stóráiltear sonraí Eolaire Teilifíse sa teilifís.
Tiúin do Chlár
Athraigh go clár
Is féidir leat athrú chuig clár reatha ón Eolaire Teilifíse.
Chun clár a roghnú, úsáid na heochracha saigheada
chun ainm an chláir a aibhsiú.
Bog i dtreo na láimhe deise chun na cláir atá
sceidealta níos deireanaí an lá sin a fheiceáil.
Chun athrú chuig an gclár (cainéal), roghnaigh an clár
agus brúigh OK.
Féach ar shonraí cláir
Chun sonraí an chláir atá roghnaithe a fháil, brúigh
INFO .
Athraigh an Lá
Má thagann eolas ón Eolaire Teilifíse ón gcraoltóir, is
féidir leat + a bhrú chun sceideal ceann de na
laethanta amach anseo a fheiceáil. Brúigh - chun
filleadh ar an lá roimhe sin.
Mar rogha air sin, is féidir leat OPTIONS a bhrú
agus Athraigh lá a roghnú.
Meabhrúchán a Shocrú
Is féidir leat meabhrúchán a shocrú do chlár.
Tabharfaidh teachtaireacht rabhadh duit ag tús an
chláir. Is féidir leat tiúnáil go dtí an cainéal sin
láithreach.
Marcáltar clár a bhfuil meabhrúchán air le
(clog).san Eolaire teilifíse.
Chun meabhrúchán a shocrú…
1. Brúigh TV GUIDE agus roghnaigh clár atá le
craoladh go gairid.
2. Brúigh Socraigh meabhrúchán agus
brúigh OK.
Chun meabhrúchán a ghlanadh…
1. Brúigh TV GUIDE agus roghnaigh clár leis an
meabhrúchán, a bheidh marcáilte le (clock).
2. Brúigh Glan meabhrúchán, agus roghnaigh Tá,
ansin brúigh OK.
Cuardaigh de réir Seánra
Má tá an t-eolas ar fáil, is féidir leat cláir sceidealaithe
a aimsiú de réir seánra cosúil le scannáin, spóirt, srl.
Chun cuardach a dhéanamh do chláir de réir seánra,
brúigh OPTIONS agus roghnaigh Cuardaigh de
réir Seánra.
Roghnaigh seánra agus brúigh OK. Taispeánfar liosta
leis na cláir a aimsíodh.
Liosta Meabhrúchán
Is féidir leat féachaint ar an liosta meabhrúchán atá
socraithe agat.
Liosta Meabhrúchán
Chun an liosta meabhrúchán a oscailt…
1. Brúigh TV GUIDE.
2. Brúigh OPTIONS agus roghnaigh Gach
meabhrúchán.
3. Sa liosta meabhrúchán, roghnaigh an meabhrúchán
a bhfuil uait é a bhaint as, agus marcálfar an
meabhrúchán roghnaithe mar .
34
Page: 26
4. Brúigh , roghnaigh Glan a bhfuil
roghnaithe agus brúigh OK.
5. Roghnaigh Dún chun an liosta meabhrúchán a
dhúnadh.
Socraigh Taifeadadh (Níl feidhm aige
do mhúnlaí na Tuirce)
Is féidir leat taifeadadh a shocrú san Eolaire Teilifíse.
Marcáltar clár atá le taifeadadh san Eolaire teilifíse le
.
Chun an liosta taifeadta a fheiceáil,
brúigh Taifeadtaí , marcáltar clár atá le taifeadadh
le (ponc dearg) ar ainm an chláir.
Chun clár a thaifeadadh…
1. Brúigh TV GUIDE agus roghnaigh clár atá á
chraoladh faoi láthair nó atá le craoladh sa todhchaí.
2. Brúigh an eochair datha Taifead .
Chun taifeadadh a chur ar ceal…
1. Brúigh TV GUIDE agus roghnaigh an clár atá
socraithe le haghaidh a thaifeadta.
2. Brúigh an eochair datha Glan Taifeadadh .
35
Page: 27
chraoladh, d'fhéadfadh srian a bheith ar thaifeadadh,
ar bhailíocht taifead nó ar an líon amharc.
D'fhéadfadh cosc iomlán a bheith ar thaifeadadh. Sa
chás go ndéantar iarracht craoladh cosanta a
thaifeadadh nó taifead éagtha a athsheinnt, seans go
dtaispeánfaí teachtaireacht earráide.
Clár a Thaifeadadh
Taifead Anois
Chun an clár a bhfuil tú ag féachaint air anois a
thaifeadadh, brúigh (Taifead) ar an gcianrialtán.
Tosóidh an taifeadadh láithreach.
Chun taifeadadh a stopadh, brúigh (Stop).
Nuair atá sonraí ón Eolaire Teilifíse ar fáil, taifeadfar
an clár a bhfuil tú ag féachaint air ón nóiméad a
bhrúigh an eochair taifeadta go dtí go dtagann
deireadh leis an gclár. Mura bhfuil aon sonraí Eolaire
Teilifíse ar fáil, ní mhairfidh an taifeadadh ach 30
nóiméad. Is féidir leat an t-am a chríochnóidh an
taifeadadh a athrú sa liosta Taifeadtaí.
Sceidealaigh Taifeadadh
Is féidir leat taifeadadh cláir atá le craoladh inniu nó i
gceann cúpla lá (suas le 8 lá) a sceidealú. Bainfidh an
teilifís úsáid as na sonraí ón Eolaire Teilifíse chun tús a
chur le taifeadadh agus chun deireadh a chur leis.
Chun clár a thaifeadadh…
1. Brúigh TV GUIDE.
2. Ar leathanach an Eolaire Teilifíse, roghnaigh an
cainéal agus an clár a bhfuil uait é a
thaifeadadh. Brúigh (Deas) nó (Clé) chun
scrolláil trí chláir cainéil.
3. Agus an clár roghnaithe agat, brúigh an eochair
datha Taifead . Tá an clár sceidealta chun
taifeadadh. Taispeánfar rabhadh go huathoibríoch
nuair atá taifeadtaí sceidealta atá ag forluí ar a chéile.
Má tá tú ag beartú clár a thaifeadadh nuair nach
bhfuil tú sa bhaile, ná déan dearmad an teilifís a
fhágáil ar Fuireachas agus an Diosca Crua USB a
fhágáil casta air.
Liosta Taifeadtaí
Is féidir leat do chuid taifeadtaí a fheiceáil agus a
bhainistiú sa liosta taifeadtaí. In aice leis an liosta
taifeadtaí, tá lisota eile ann do thaifeadtaí sceidealta
agus do mheabhrúcháin.
Chun an liosta taifeadtaí a oscailt…
1. Brúigh TV GUIDE.
2. Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3. Nuair atá taifeadadh roghnaithe sa liosta, is féidir an
taifeadadh a bhaint as leis an eochair datha Bain
As. Is féidir leat taifeadadh a athainmniú leis an
eochair datha Athainmnigh. Nó is féidir leat an
eochair datha Athraigh an t-am a bhrú chun am
tosaithe agus críochnaithe an taifeadta a athrú.
Féach ar Thaifeadadh
Chun féachaint ar thaifeadadh…
1. Brúigh TV GUIDE.
2. Brúigh an eochair datha Taifeadtaí .
3. Sa liosta taifeadtaí, roghnaigh an taifeadadh atá
uait agus brúigh OK chun tosú ag féachaint.
4. Is féidir leat úsáid a bhaint as na
heochracha (cuir ar
sos), (seinn), (atochras), (mearchasadh)
nó (stop).
5. Chun athrú ar ais go féachaint ar theilifís,
brúigh EXIT.
9.3
Cuir teilifís ar sos
A bhfuil de dhíth ort
Is féidir leat craoladh teilifíse digití a chur ar sos agus
tosú ag féachaint air arís níos deireanaí.
Chun clár teilifíse a chur ar sos, beidh na nithe seo ag
teastáil uait…
- Diosca Crua USB formáidithe nasctha ar an teilifís
seo
- cainéil dhigiteacha teilifíse suiteáilte ar an teilifís seo
- chun eolas cainéil a fháil don Eolaire Teilifíse ar an
scáileán
Nuair atá an Diosca Crua USB nasctha agus
formáidithe, stórálann an teilifís an craoaldh teilifíse a
bhfuil tú ag féachaint air go leanúnach. Nuair a
athraíonn tú go cainéal eile, glantar craoladh an
chainéil roimhe sin. Nuair a athraíonn tú an teilifís go
Fuireachas, glantar an craoladh freisin.
Ní féidir leat an Teilifís a chur ar Sos agus tú i mbun
taifeadta.
Clár a chur ar sos
Chun craoladh a chur ar sos agus a thosú arís…
Chun craoladh a chur ar sos, brúigh (Cuir ar sos).
Taispeánfar barra dul chun cinn ar bhun an scáileáin
go sciobtha.
Chun an barra dul chun cinn a fheiceáil ar an scáileán,
brúigh (Cuir ar sos) arís.
Chun tosú ag féachaint arís, brúigh (Seinn).
37
Page: 28
Nuair atá an barra dul chun cinn ar an scáileán,
brúigh (Atochrais) nó brúigh (Ar Aghaidh)
chun an áit a bhfuil uait tosú ag féachaint ar an
gcraoladh atá curtha ar sos a roghnú. Brúigh na
heochracha sin arís agus arís eile chun an luas a athrú.
Is féidir leat craoaldh a chur ar sos ar feadh tréimhse
ama nach faide ná 90 nóiméad.
Brúigh (Stop) chun filleadh ar an gcraoladh beo
teilifíse féin.
Athsheinn
Mar go stórálann an teilifís an craoladh a bhfuil tú ag
féachaint air, is féidir leat an craoladh a athsheinnt ar
feadh roinnt soicind.
Chun an craoladh reatha a athsheinnt …
1. Brúigh (Cuir ar sos)
2. Brúigh (Atochras). Is féidir leat a bhrú arís
agus arís eile chun an áit a bhfuil uait tosú ag
féachaint ar an gcraoladh atá curtha ar sos a roghnú.
Brúigh na heochracha sin arís agus arís eile chun an
luas a athrú. Bainfidh tú tús na stórála craolta amach
nó an t-uasmhéid achar ama.
3. Brúigh (Seinn) chun féachaint ar an gcraoladh
arís.
4. Brúigh (Stop) chun féachaint ar an gcraoladh
beo.
38
Page: 29
10
Meáin
10.1
Ó Nasc USB
Is féidir leat féachaint ar do ghrianghaif nó do cheol
agus físeáin a sheinnt ó mhéaróg chuimhne USB nó
diosca crua USB nasctha.
Agus an teilifís casta air agat, plugáil isteach méaróg
chuimhne USB nó Diosca Crua USB sa nasc USB.
Brúigh SOURCES, ansin roghnaigh USB, is
féidir leat do chomhaid sa struchtúr fillteán atá
eagraithe agat ar an Diosca Crua USB a bhrabhsáil.
Rabhadh:
Má dhéanann tú iarracht clár a chur ar sos nó é a
thaifeadadh nuair atá Diosca Crua USB, iarrfaidh an
teilifís ort an Diosca Crua USB a fhormáidiú.
Scriosfaidh an formáidiú seo gach comhad reatha ar
an Diosca Crua USB.
10.2
Grianghraif
Féach ar Ghrianghraif
Oscail fillteán grianghraf
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Grianghraif, is féidir leat Liosta a
bhrú le haghaidh amharc liosta nó brúigh
Mionsamhlacha le haghaidh amharc mionsamhla .
Féach ar chomhad grianghraif
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Grianghraif agus roghnaigh ceann de
na grianghraif, is féidir leat OK a bhrú chun féachaint
ar an ngrianghraf a roghnaigh tú.
Roghanna Grianghraif
Nuair atá grianghraif ar an scáileán,
brúigh OPTIONS chun…
Tosaigh an Taispeántas Sleamhnán, Stop an
Taispeántas Sleamhnán
Tosaigh nó stop an Taispeántas Sleamhnán.
Trasdulta an Taispeántais Sleamhnán
Socraigh an trasdul ó phictiúr amháin go dtí an chéad
phictiúr eile.
Minicíocht an Taispeántais Sleamhnán
Roghnaigh an t-am a mbeidh gach grianghraf ar
taispeáint.
Seinn arís, Seinn uair amháin
Féach ar na pictiúir arís agus arís eile, nó díreach uair
amháin.
Seinn go randamach air, Seinn go randamach as
Féach ar na pictiúir in ord seicheamhach, nó go
randamach.
Rothlaigh íomhá
Rothlaigh grianghraf.
Tosaigh ceol, Stop ceol
Tosaigh nó stop an ceol a bheith á sheinnt sa chúlra.
* Tabhair faoi deara: lódáiltear an comhad ceoil ón
bhfréamhchomhadlann USB, cuir comhaid ceoil leis
an bhfréamhchomhadlann USB.
10.3
Físeáin
Físeáin a Sheinnt
Chun físeán a sheinnt ar an teilifís…
Roghnaigh Físeáin , agus roghnaigh ainm an
chomhaid agus brúigh OK.
- Chun an físeán a chur ar sos, brúigh OK.
Brúigh OK arís chun leanúint ar aghaidh.
- Chun atochrais nó mear-chasadh, brúigh
nó . Brúigh na heochracha roinnt uaireanta
chun dul níos tapúla - 2x, 4x, 8x, 16x, 32x.
- Chun léim go dtí an chéad fhíseán eile nó an físeán
roimhe sin i bhfillteán, brúigh + nó -.
- Chun athsheinm físeáin a stopadh, brúigh (Stop).
- Chun dul siar san fhillteán, brúigh .
Oscail fillteán físeán
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Físeáin, is féidir leat Liosta a bhrú
le haghaidh amhairc liosta nó
brúigh Mionsamhlacha le haghaidh amhairc
mionsamhla.
Seinn comhad físeáin
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
39
Page: 30
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Físeáin agus roghnaigh físeán, is féidir
leat OK a bhrú chun an físeán atá roghnaithe agat a
sheinnt nó brúigh Seinn gach ceann chun gach
comhad físeáin san fhillteán a sheinnt.
Roghanna Físeáin
I rith athsheinnt an fhíseáin,
brúigh OPTIONS chun…
Fotheidil
Taispeáin na fotheidil má tá siad ar fáil, roghnaigh Air,
As, nó Air i rith balbhaithe.
Teanga fotheideal
Seinn an teanga fotheideal más ann di.
Tacar carachtair
Roghnaigh tacar carachtair.
Teanga fuaime
Seinn an teanga fuaime más ann dó.
Seinn go randamach air, as
Féach ar na físeáin in ord seicheamhach, nó go
randamach.
Seinn arís, Seinn uair amháin
Seinn físeáin arís agus arís nó uair amháin.
Taispeáin eolas
Taispeáin eolas comhaid, cosúil leis an mód fuaime.
Socruithe fotheideal
Socraigh dath, méid cló, suíomh na bhfotheideal,
agus an fritháireamh sionc ama má tá fáil air.
10.4
Ceol
Seinn Ceol
Oscail fillteán ceoil
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Ceol, is féidir leat na comhaid ceoil a
fheiceáil i liosta.
Seinn comhad ceoil
1. Brúigh SOURCES, roghnaigh USB agus
brúigh OK.
2. Roghnaigh Méaróg Chuimhne USB agus
brúigh (deas) chun an gléas USB atá uait a roghnú.
3. Roghnaigh Ceol agus roghnaigh comhad ceoil, is
féidir leat OK a bhrú chun an ceol atá roghnaithe
agat a sheinnt nó brúigh Seinn gach ceann chun
gach comhad ceoil san fhillteán a sheinnt.
Roghanna Ceoil
Roghanna chun ceol a sheinnt..
Seinn arís, Seinn uair amháin
Seinn amhráin arís agus arís nó uair amháin.
Seinn go randamach air, as
Seinn amhráin in ord seicheamhach, nó go
randamach.
40
Page: 31
11
Oscail na Roghchláir
Socruithe Teilifíse
11.1
Forbhreathnú ar an
Roghchlár Baile
Brúigh (Baile) chun ceann de na roghchláir thíos a
roghnú, ansin brúigh OK.
Cainéil
Tá gach cainéal sa ró seo.
- Brúigh OK chun an eolaire teilifíse a oscailt.
- Brúigh (clé) chun féachaint ar chainéil a bhfuil
lógónna cainéil orthu, nó roghnaigh Féach ar gach
cean chun gach cainéal a fheiceáil.
Naisc, Liosta
Tá na foinsí atá ar fáil sa teilifís seo sa ró seo.
Feidhmeanna
Tá feidhmeanna teilifíse atá ar fáil don úsáideoir sa ró
seo.
Socruithe
Tá socruithe sa ró seo atá ar fáil don úsáideoir.
11.2
Roghchlár Áirgí
Eolaire teilifíse
Oscail an t-eolaire teilifíse Chun tuilleadh eolais a
fháil, sa Treoir úsáideora, féach an chaibidil
faoin Eolaire teilifíse.
Taifeadtaí (Níl feidhm aige do mhúnlaí na Tuirce)
Chun tuilleadh eolais a fháil, sa Treoir Úsáideora,
féach ar an gcaibidil Taifeadadh agus Cuir Teilifís ar
Sos.
Cainéil
Féach ar an liosta cainéal.
Nuashonraigh bogearraí
Chun tuilleadh eolais a fháil, sa Treoir úsáideora,
féach an chaibidil Bogearraí.
Físeán Taispeána
Féach ar Fhíseán Taispeána Fúmsa chun físeán
taispeána a fháil.
11.3
Mearsocruithe agus Gach
Socrú
Roghchlár Mearsocruithe:
Brúigh an eochair SETUP ar an gcianrialtán chun
na socruithe a úsáidtear go minic sa roghchlár
Mearsocruithe a aimsiú.
- Stíl pictiúir: Roghnaigh ceann de na stíleanna
pictiúir réamhshainithe le haghaidh an fhéachaint
pictiúir is fearr.
- Formáid pictiúir: Roghnaigh ceann de na formáidí
pictiúir réamhshainithe a oireann don scáileán.
- Stíl fuaime : Roghnaigh ceann de na stíleanna
fuaime réamhshainithe le haghaidh na socruithe is
fearr d’fhuaim.
- Airde Fuaime na gCluasán: Athraigh airde fuaime
cluasáin nasctha.
- Fuaim amach: Socraigh an teilifís chun an fhuaim a
sheinnt ar an teilifís nó ar an gcóras fuaime nasctha.
- Clog: Taispeáin an clog ar an scáileán teilifíse ar
thaobh na láimhe deise.
- Uaineadóir codlata: Socraigh an teilifís chun athrú
go Fuireachas go huathoibríoch tar éis tréimhse ama
réamhshainithe
- Gach socrú: Féach ar an roghchlár Gach socrú.
- Cabhair Déan nuashonrú bogearraí go héasca,
athshocraigh an teilifís go dtí na réamhshocruithe,
agus léigh an treoir úsáideora.
Roghchlár Gach socrú:
Brúigh an eochair (baile) ar an gcianrialtán,
roghnaigh Socruithe, agus brúigh OK.
11.4
Gach Socrú
Socruithe pictiúir
Stíl Phictiúir
Roghnaigh stíl
Chun an pictiúr a choigeartú go héasca, is féidir leat
stíl pictiúir réamhshainithe a roghnú.
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Stíl pictiúir
Is iad na stíleanna Pictiúir atá ar fáil ...
41
Page: 32
- Pearsanta - Na roghanna pictiúir a shocraigh tú i
rith na chéad suiteála
- Gléineach - Feiliúnach d'fhéachaint ar an teilifís i
rith an lae
- Nádúrtha - Socruithe pictiúir nádúrtha
- Caighdeánach - An socrú is tíosaí ó thaobh
fuinnimh de
- Scannán - Feiliúnach d'fhéachaint ar scannáin
- Cluiche - Feiliúnach do chluichíocht
Stíl a shaincheapadh
Is féidir leat socruithe pictiúir a athrú agus a stóráil sa
stíl pictiúir atá roghnaithe faoi láthair, cosúil
le Dath, Codarsnachtnó Géire.
Stíl a aisghabháil
Chun an stíl a aisghabháil go dtí a socrú bunaidh,
roghnaigh Stíl pictiúir, ansin brúigh Aisghabh stíl.
Dath, Codarsnacht, Géire, Gile
Chun an dath pictiúir a athrú
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Dath
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
luach sáithithe datha an phictiúir a athrú.
Chun an chodarsnacht pictiúir a athrú
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Codarsnacht cúl
solais
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
luach codarsnachta an phictiúir a athrú.
Is féidir leat an luach codarsnachta a ísliú chun an
tomhaltas cumhachta a laghdú.
Chun an ghéire pictiúir a athrú
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Géire
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
luach géire an phictiúir a athrú.
Ardsocruithe Pictiúr
Ríomhaire
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Ríomhaire
Athraigh an socrú go Air don socrú pictiúir is fearr
nuair atá do theilifís in úsáid mar mhonatóir
ríomhaireachta agat.
* Níl fáil air ach amháin d’fhoinsí HDMI agus VGA.
Socruithe Datha
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Dath
Athraigh an breisiú datha
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Dath > Breisiú datha
Roghnaigh Uasmhéid, Meánmhéid,
nó Íosmhéid chun leibhéal na déine datha agus na
mionsonraí a shocrú i ndathanna geala.
Roghnaigh an teocht datha réamhshainithe
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Dath > Teocht datha
Roghnaigh Normálta, Teolaí, nó Fionnuar chun
teocht datha do rogha a shocrú.
Saincheap teocht datha
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Dath > Teocht datha
shaincheaptha
Roghnaigh Saincheap sa roghchlár Teocht datha
chun teocht datha a shaincheapadh tú féin. Brúigh
na saigheada (suas) nó (síos) chun an luach a
athrú.
Socruithe Codarsnachta
Móid Codarsnachta
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Codarsnacht > Mód codarsnachta
Roghnaigh Normálta, Optamaithe do
phictiúr, Optamaithe do choigilt fuinnimh chun an
teilifís a shocrú chun an chodarsnacht a laghdú go
huathoibríoch, chun an tomhaltas cumhachta is fearr
a roghnú, nó an t-eispéireas pictiúir is fearr, nó
roghnaigh As chun an a-athrú a chasadh as.
Codarsnacht Dhinimiciúil
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Codarsnacht > Codarsnacht
dhinimiciúil
Roghnaigh Uasmhéid, Meánmhéid,
nó Íosmhéid chun an leibhéal ag a bhfeabhsaíonn
42
Page: 33
an teilifís sonraí i limistéir dhorcha, láir agus gheala an
phictiúir go huathoibríoch a shocrú.
Codarsnacht Físe, Gáma
Codarsnacht físe
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Codarsnacht > Codarsnacht físe
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
leibhéal na codarsnachta físe a athrú.
Gáma
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Codarsnacht > Gáma
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
socrú neamh-líneach a shocrú do lonras agus
codarsnacht an phictiúir.
Super Resolution
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Ardsocruithe > Géire
> Super Resolution
Roghnaigh Air le haghaidh géire níos fearr sna himill
líne agus sna sonraí.
Glan Pictiúr
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Ardsocruithe >
Glan pictiúr
Laghdú torainn
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Glan pictiúr > Laghdú torainn
Roghnaigh Uasleibhéal, Meánleibhéal, Íosleibhéal
chun an leibhéal ag a mbainfear amach an torann in
inneachar físeáin a shocrú.
Tá torann infheicthe den chuid is mó mar phoncanna
gluaisteacha sa phictiúr ar an scáileán.
Géire, Laghdú Déantán MPEG
(Baile) > Socruithe > Pictiúr >
Ardsocruithe > Glan pictiúr > Laghdú Déantán
MPEG
Roghnaigh Air chun na trasdulta digiteacha sa phictiúr
a shlíomadh.
Is mar bhloic bheaga nó mar chiumhaiseanna
eangacha in íomhánna is minicí a fheictear déantáin
MPEG.
Formáid agus Ciumhaiseanna
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Formáid agus
ciumhaiseanna
Formáid pictiúir
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Formáid agus
ciumhaiseanna > Formáid pictiúir
Má tá barraí dubha le feiceáil ag barr agus ag bun an
phictiúir nó ar gach taobh de, is féidir leat an fhormáid
pictiúir a choigeartú go formáid pictiúir a líonann an
scáileán.
Imill scáileáin
(Baile) > Socruithe > Pictiúr > Formáid agus
ciumhaiseanna > Formáid pictiúir > Imill scáileáin
Is féidir leat an pictiúr a dhéanamh beagán níos mó
chun ciumhaiseanna díchumtha a cheilt le
Ciumhaiseanna scáileáin.
Socruithe Fuaime
Stíl Fuaime
Roghnaigh stíl
Is féidir leat socrú fuaime réamhshainithe a roghnú
chun an fhuaim a athrú go héasca.
(Baile) > Socruithe > Fuaim > Stíl fuaime
Is iad na stíleanna fuaime atá ar fáil ...
- Pearsanta - Na roghanna fuaime a shocraigh tú i
rith na chéad suiteála
- Bunaidh - An socrú fuaime is neodraí
- - Scannán - Feiliúnach d'fhéachaint ar scannáin
- Cluiche - Feiliúnach do chluichíocht
- Nuacht - Feiliúnach do chaint
Stíl a shaincheapadh
Is féidir leat socruithe fuaime a athrú agus a stóráil sa
stíl fuaime atá roghnaighte faoi láthair, cosúil le Dord
nó Treble.
Stíl a aisghabháil
Chun an stíl a aisghabháil go dtí a socrú bunaidh,
roghnaigh Stíl fuaime, ansin brúigh Aisghabh stíl.
43
Page: 34
Dord, Tribil
Dord
(Baile) > Socruithe > Fuaim > Dord
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
leibhéal na dton íseal san fhuaim a athrú.
Tribil
(Baile) > Socruithe > Fuaim > Tribil
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
leibhéal na dton ard san fhuaim a athrú.
Airde fuaime na gCluasán
(Baile) > Socruithe > Fuaim > Airde fuaime
cluasán
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun
airde fuaime cluasáin nasctha a athrú leis féin.
Imfhuaim
(Baile) > Socruithe > Fuaim > Mód Imfhuaime
Roghnaigh an éifeacht mód imfhuaime do na callairí
teilifíse inmheánacha.
Lonnú Teilifíse
(Baile) > Socruithe > Fuaim > Lonnú teilifíse
Roghnaigh Ar sheastán teilifíse nó Ar an
mBalla chun an t-atáirgeadh fuaime is fearr a fháil de
réir an socruithe.
Ardsocruithe Fuaime
Rialú Airde Fuaime
Uath-Leibhéaladh Airde Fuaime
(Baile) > Socruithe > Fuaim > Ardsocruithe >
Uath-Leibhéaladh airde fuaime
Roghnaigh Air chun difríochtaí airde fuaime tobanna
a leibhéaladh amach. Tarlaíonn sé go hiondúil nuair
atá cainéil á n-athrú agat.
Delta volume
(Baile) > Socruithe > Fuaim >
Ardsocruithe > Delta volume
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun an
luach delta a athrú d’airde fuaime challairí na teilifíse.
Socraithe d'Fhuaim Amach
(Baile) > Socruithe > Fuaim >
Ardsocruithe > Fuaim amach
Socraigh an teilifís chun an fhuaim a sheinnt ar an
teilifís nó ar an gcóras fuaime nasctha.
Is féidir leat an áit a bhfuil tú ag iarraidh fuaime na
teilifíse a chloisteáil a roghnú, agus an chaoi a bhfuil
uait é a rialú.
- Má roghnaíonn tú Callairí Teilifíse As, casann tú as
callairí na teilifíse go buan.
- Má roghnaíonn tú Callairí Teilifíse , beidh callairí
na teilifíse air i gcónaí.
Le gléas fuaime nasctha le HDMI CEC,
roghnaigh córas fuaime HDMI. Casfaidh an teilifís as
callairí na teilifíse nuair atá an gléas ag seinnt na
fuaime.
Clear Sound
(Baile) > Socruithe > Fuaim >
Ardsocruithe > Dialóg ghlan
Roghnaigh Air chun an fhuaim do chaint a fheabhsú.
Feileann sé go breá do chláir nuachta.
Socruithe Aschuir Dhigitigh
Tá socruithe aschuir dhigitigh ar fáil do chomharthaí
optúla agus HDMI ARC fuaime.
Formáid Dhigiteach amach
(Baile) > Socruithe > Fuaim >
Ardsocruithe > Formáid dhigiteach amach
Socraigh comhartha fuaime amach na teilifíse chun
dul in oiriúint do chumais fuaime an Chóras
Amharclainne Baile nasctha.
- Má tá Córas Amharclainne Baile (HTS) agat a bhfuil
cumais próiseála fuaime ilchainéal aige, socraigh
an Fhormáid Fuaime amach go dtí Ilchainéal.
Ligeann an socrú Ilchainéal don teilifís an comhartha
fuaime ilchainéil comhbhrúite a sheoladh ó chainéal
teilifíse nó seinnteoir nasctha go dtí an Córas
Amharclainne Baile.
- Má tá Córas Amharclainne Baile agat nach bhfuil
próiseáil fuaime ilchainéil aige, roghnaigh Steiréó.
Leibhéaladh Digiteach Amach
(Baile) > Socruithe > Fuaim >
Ardsocruithe > Leibhéaladh digiteach amach
44
Page: 35
Athraigh an leibhéal treise ó ghléas atá nasctha le
haschur digiteach fuaime (SPDIF) nó HDMI.
- Roghnaigh Níos Mó chun airde fuaime níos airde a
bheith agat.
- Roghnaigh Níos Lú chun airde fuaime níos boige a
bheith agat.
Moill Digiteach amach
(Baile) > Socruithe > Fuaim >
Ardsocruithe > Moill digiteach amach
I gcás roinnt Córas Amharclainne Baile, tá an seans
ann go mbeidh ort an mhoill sionc Fuaime a
mhionathrú chun an fhuaim a shioncronú leis an
bhfís. Roghnaigh As má tá moill fuaime socraithe ar
do Chóras Amharclainne Baile.
Seach-chur Digiteach amach (Níl fáil air ach amháin
nuair atá Moill Digiteach amach socraithe go Air)
(Baile) > Socruithe > Fuaim >
Ardsocruithe > Seach-chur digiteach amach
Murar féidir leat moill a shocrú ar an gCóras
Amharclainne Baile, is féidir leat an teilifís a shocrú
chun an fhuaim a shioncronú.
Is féidir leat seach-chur a shocrú a dhéanann
cúiteamh don mhéid ama atá ag teastáil ón gCóras
Amharclainne Baile chun fuaim phictiúr na teilifíse a
phróiseáil.
Is féidir leat an luach a shocrú i gcéimeanna 5ms. Is é
60ms an socrú is airde.
Éicea-Socruithe
Socraigh leibhéal coigiltis fuinnimh
(Baile) > Socruithe > Éicea-socruithe > Coigilt
fuinnimh
Roghnaigh Íosmhéid,, Meánmhéid,
nó Uasmhéid chun céimeanna éagsúla coigilt
fuinnimh a roghnú, nó roghnaigh As chun mód
choigilt fuinnimh a chasadh as.
Socraigh an scáileán go As chun fuinnimh a choigilt
(Baile) > Socruithe > Éicea-
socruithe > Scáileán as
Roghnaigh Scáileán as, castar as an scáileán
teilifíse, chun an scáileán teilifíse a chasadh air arís,
brúigh aon eochair ar an gcianrialtán.
Socraigh uaineadóir casadh as teilifís
(Baile) > Socruithe > Éicea-
socruithe > Uaineadóir casadh as.
Brúigh na saigheada (suas) nó (síos) chun an
luach a athrú. Díghníomhachtóidh an luach 0 (As)
an casadh as uathoibríoch.
Roghnaigh Uaineadóir casadh as, casann an teilifís
as go huathoibríoch chun fuinneamh a choigilt.
* Casann an teilifís as má tá comhartha teilifíse á fáil
aici ach mura mbrúnn tú eochair ar an gcianrialtán i
rith tréimhse 4 uaire.
* Casann an teilifís as mura bhfuil sé ag fáil comhartha
teilifíse ná ordú ón gcianrialtán ar feadh 10 nóiméad.
* Má úsáideann tú an teilifís mar mhonatóir nó má
úsáideann tú glacadóir digiteach chun féachaint ar an
teilifís (Bosca bairr - STB) agus mura n-úsáideann tú
cianrialtán na teilifíse, ba cheart duit an socrú chun an
gléas a chasadh as go huathoibríoch a
dhíghníomhachtú tríd an luach a athrú go 0.
Socruithe Ginearálta
Socruithe a bhaineann leis an Nasc
Diosca Crua USB
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Diosca Crua USB
Ní mór duit Diosca Crua USB a shuiteáil agus a
fhormáidiú* sula ndéanann tú taifead ar chainéal.
* Níl feidhm aige do mhúnlaí na Tuirce.
Próifíl Oibritheora CAM
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Próifíl Oibritheora CAM
Chun próifíl oibritheora do CI+/CAM a chasadh air le
haghaidh suiteáil cainéal agus nuashonruithe éasca.
Nasc HDMI CEC - EasyLink
Nasc gléasanna HDMI CEC-comhoiriúnacha le do
theilifís, is féidir leat iad a oibriú leis an
gcianrialtán. Ní mór EasyLink HDMI CEC a chasadh
air ar an teilifís agus ar an ngléas nasctha.
Cas air EasyLink
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > EasyLink > EasyLink > Air.
Oibrigh gléasanna HDMI CEC-comhoiriúnacha le
cianrialtán na teilifíse
(Baile) > Socruithe > Socruithe
45
Page: 36
ginearálta > EasyLink > Cianrialtán
EasyLink > Air.
Tabhair faoi deara:
- Tá an seans ann nach n-oibreoidh EasyLink le
gléasanna ó bhrandaí eile.
- Tá ainmneacha éagsúla ag feidhmiúlacht HDMI CEC
ar bhrandaí éagsúla. Seo roinnt samplaí: Anynet,
Aquos Link, Bravia Theatre Sync, Kuro Link, Simplink
agus Viera Link. Níl gach branda comhoiriúnach go
hiomlán le EasyLink. Is lena n-úinéirí faoi seach
ainmneacha branda HDMI CEC .
Suíomh - Baile nó Siopa
Roghnaigh suíomh do theilifíse
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Suíomh
Roghnaigh Siopa, athraítear an stíl pictiúir ar ais go
Gléineach, agus is féidir leat na socruithe siopa a
athrú.
Is le haghaidh promóisean in-siopa mód siopa.
Athshocraigh Socruithe teilifíse agus Athshuiteáil
teilifís
Athshocraigh luach gach socrú go dtí na socruithe
teilifíse bunaidh
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Socruithe réamhshainithe
Suiteáil an teilifís ón tús, agus athraigh stádas na
teilifís ar ais go dtí an chéad uair a chas tú air í
(Baile) > Socruithe > Socruithe
ginearálta > Athshuiteáil teilifís
Cuir isteach cód PIN agus roghnaigh Tá, athshuiteálfar
an teilifís go hiomlán. Déanfar gach socrú agus
cainéal a athshuiteáil. D'fhéadfadh an tsuiteáil roinnt
nóiméad a thógáil.
Socruithe Réigiúin agus Teanga
Teanga
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Teanga
Athraigh teanga roghchláir agus teachtaireachtaí na
teilifíse
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Teanga > Teanga roghchláir
Socraigh teanga is fearr leat d’fhuaim
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Teanga > Fuaim theanga phríomhúil,
Fuaim theanga thánaisteach
Is féidir le cainéil dhigiteacha teilifíse fuaim a
chraoladh i gcás roinnt teangacha labhartha do chlár.
Is féidir leat an phríomhtheanga fuaime agus an
teanga thánaisteach fuaime is fearr leat a shocrú. Má
tá fuaim ar fáil i gceann de na teangacha sin, athróidh
an teilifís go dtí an fhuaim sin.
Socraigh an teanga is fearr leat d’fhotheidil
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Teanga > Fuaim phríomhúil fotheideal,
Fuaim thánaisteach fotheideal
Is féidir le cainéil dhigiteacha roinnt teangacha
fotheideal a thairiscint do chlár. Is féidir leat
príomhtheanga fotheideal agus teanga thánaisteach
a shocrú d'fhotheidil. Má tá fotheidil ar fáil i gceann
de na teangacha sin, taispeánfaidh an teilifís iad.
Socraigh an teanga is fearr leat do theilithéacs
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Teanga > Téacs príomhúil, Téacs
thánaisteach
Bíonn roinnt teangacha Téacs ar fáil ag roinnt
craoltóirí teilifíse digití.
Clog
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Clog
Ceartaigh an clog go huathoibríoch
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Clog > Mód Uath-chloig
- Is é Uathoibríoch an socrú caighdeánach do chlog
na teilifíse. Is as faisnéis craolta UTC - Am Uilíoch
Comhordaithe a thagann an t-eolas ama.
- Mura bhfuil an clog ceart, is féidir leat clog na
teilifíse a athrú go Ag Brath ar an Tír.
Ceartaigh an clog de láimh
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Clog > Mód Uath-chloig > De láimh
46
Page: 37
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Clog > Dáta, Am
Téigh go dtí an roghchlár roimhe sin, agus
roghnaigh Dáta agus Am chun an luach a athrú.
Tabhair faoi deara:
- Mura dtaispeánann aon cheann de na socruithe
uathoibríocha an t-am go cruinn, is féidir leat an t-am
a shocrú de láimh.
- Mar sin féin, má sceidealaíonn tú taifeadtaí ón
Eolaire Teilifíse, molaimid duit gan an t-am agus an
dáta a athrú de láimh.
Socraigh crios ama nó socraigh seach-chur ama do
do réigiún
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Clog > Crios ama
Roghnaigh ceann de na criosanna ama.
Socraigh an teilifís chun athrú go Fuireachas go
huathoibríoch tar éis tréimhse ama réamhshainithe
(Baile) > Socruithe > Reigiún agus
teanga > Clog > Uaineadóir codlata
Socraigh an teilifís chun athrú go Fuireachas go
huathoibríoch tar éis tréimhse ama réamhshainithe Is
féidir leat an t-am a shocrú ar feadh suas le 180
nóiméad in eatraimh de 5 nóiméad leis an mbarra
sleamhnáin. Má shocraítear go 0 nóiméad é, castar an
t-amadóir codlata as. Is féidir leat i gcónaí do theilifís
a chasadh as níos luaithe nó an t-am a athshocrú i
rith an chomhairimh síos.
Socruithe Rochtana Uilíche
(Baile) > Socruithe > Rochtain uilíoch
Nuair atá Inrochtaineacht Uilíóch casta air,
ullmhaítear an teilifís dóibh siúd atá bodhar, a bhfuil
lagú éisteachta orthu, dall nó a bhfuil lagú amhairc
orthu.
Cas air socruithe rochtana uilíche
(Baile) > Socruithe > Rochtain
uilíoch > Rochtain uilíoch > Air.
Rochtain uilíoch dóibh siúd a bhfuil lagú éisteachta
acu
(Baile) > Socruithe > Rochtain uilíoch > Lagú
éisteachta > Air
- Craolann roinnt cainéal teilifíse digití fuaim agus
fotheideal speisialta atá curtha in oiriúint dóibh siúd a
bhfuil lagú éisteachta orthu nó do dhaoine atá
bodhar.
- Nuair atá Lagú Éisteachta casta air, athraíonn an
teilifís go huathoibríoch go dtí an fhuaim agus na
fotheidil atá curtha in oiriúint, más ann dóibh.
Rochtain uilíoch dóibh siúd atá dall nó a bhfuil lagú
amhairc acu
(Baile) > Socruithe > Rochtain uilíoch > Cur
síos fuaime > Cur síos fuaime > Air
Tá cainéil teilifíse dhigiteacha in ann tráchtaireacht
speisialta fuaime a chraoladh a chuireann síos ar a
bhfuil ag tarlú ar an scáileán.
(Baile) > Socruithe > Cur síos fuaime > Cur
síos fuaime > Cur síos fuaime > Airde fuaime
measctha, Éifeachtaí fuaime, Caint
- Roghnaigh Airde fuaime measctha, is féidir leat
airde fuaime na gnáthfuaime a mheascadh leis an
tráchtaireacht fuaime. Brúigh na saigheada (suas)
nó (síos) chun an luach a athrú.
- Socraigh Éifeacht fuaime go Air chun éifeachtaí
fuaime breise a fháil sa tráchtaireacht fuaime, cosúil
le steiréó nó fuaim chéimneach.
- Roghnaigh Caint chun roghanna cainte a
shocrú, Tuairisciúil nó Fotheidil.
Glasáil Socruithe
Socraigh Cód agus Athraigh Cód
Socraigh cód nua nó athshocraigh athraigh cód
(Baile) > Socruithe > Glas leanaí > Socraigh
cód, Athraigh cód
Úsáidtear an cód glais leanaí chun cainéil nó cláir a
ghlasáil nó a dhíghlasáil.
Tabhair faoi deara: Má tá do chód PIN dearmadtha
agat, is féidir leat an cód reatha a scoitheadh agus
ceann nua a chur isteach, úsáid 8888.
Glas do Chlár
(Baile) > Socruithe > Glas leanaí > Rátáil
tuismitheora
Chun íosaois chun féachaint ar chláir rátáilte a shocrú
PIN CAM
(Baile) > Socruithe > Glas leanaí > PIN CAM
Socraigh PIN CAM do thaifeadadh.
47
Page: 38
12
Comhshaol
12.1
Lipéad Fuinnimh na hEorpa
Cuireann Lipéad Fuinnimh na hEorpa ar an eolas tú
maidir le haicme éifeachtacht fuinnimh an táirge seo.
A uaine is atá aicme éifeachtúlacht fuinnimh an táirge
seo, is é is lú fuinnimh a thomhlaíonn sé.
Is féidir leat an aicme éifeachtúlacht fuinnimh a fháil
ar an lipéad, mar aon leis an meántomhaltas
cumhachta don táirge seo, agus an meántomhaltas
fuinnimh do bhliain 1. Is féidir leat freisin luachanna
tomhaltais cumhachta don táirge seo a fháil ar
shuíomh gréasáin Philips i do thír féin ag
www.philips.com/TVsupport
12.2
Comhad Táirge
Sraith teilifíse 4304, 4354
24PHx43x4
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A+
- Méid Scáileáin Infheicthe : 60 cm / 24 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 20 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 30 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1366 x 768
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
Sraith teilifíse 4504
32PHx4504
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A+
- Méid Scáileáin Infheicthe : 80 cm / 32 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 27 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 40 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1366 x 768
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
Sraith teilifíse 5304
22PFS5304
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A
- Méid Scáileáin Infheicthe : 55 cm / 22 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 20 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 30 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1920 x 1080
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
Sraith teilifíse 4503
32PHx4503
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A+
- Méid Scáileáin Infheicthe : 80 cm / 32 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 28 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 41 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1366 x 768
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
Sraith teilifíse 5503
43PFx5503
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A+
- Méid Scáileáin Infheicthe : 108 cm / 43 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 76 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 52 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1920 x 1080
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
48
Page: 39
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
Sraith teilifíse 5505, 5525, 5535
24PFx55x5
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A
- Méid Scáileáin Infheicthe : 60 cm / 24 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 22 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 33 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1920 x 1080
32PHx55x5
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A+
- Méid Scáileáin Infheicthe : 80 cm / 32 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 24 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 36 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1366 x 768
43PFx55x5
- Aicme Éifeachtacht Fuinnimh : A+
- Méid Scáileáin Infheicthe : 108 cm / 43 orlach
- Tomhaltas Cumhachta sa Mhodh Air (W) : 49 W
- Tomhaltas Fuinnimh Bliantúil (kWh) * : 72 kWh
- Tomhaltas Cumhachta ar Fuireachas (W) **: 0.30 W
- Taifeach Taispeána (Picteilíní) : 1920 x 1080
* Tomhaltas kWh fuinnimh in aghaidh na bliana,
bunaithe ar thomhaltas cumhachta teilifíse atá ag
feidhmiú 4 uair in aghaidh an lae ar feadh 365 lá.
Braitheann an tomhaltas fuinnimh iarbhír ar an gcaoi
a mbaintear úsáid as an teilifís.
** Nuair a chastar an teilifís as leis an gcianrialtán agus
nuair nach bhfuil aon fheidhm gníomhach.
12.3
Deireadh Úsáide
Do sheantáirge agus do cheallraí a dhiúscairt
Dearadh agus monaraíodh do tháirge le hábhair agus
comhpháirteanna ar ardchaighdeán ar féidir iad a
athchúrsáil agus a athúsáid.
Nuair a bhíonn tá an tsiombail seo d'araid rothaí a
bhfuil cros air ar tháirge, ciallaíonn sé go bhfuil an
táirge clúdaithe ag Treoir Eorpach 2012/19/CE.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoin gcóras
bailiúcháin áitiúil ar leith do tháirgí leictreacha agus
leictreonacha.
Cloígh leis na rialacha áitiúla atá i bhfeidhm le do thoil
agus ná diúscair do sheantáirgí le do
ghnáthdhramhaíl tí. Nuair a dhiúscraíonn tú do
sheantáirge i gceart, cabhraíonn sé iarmhairtí a
d'fhéadfadh a bheith díobhálach don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
Tá ceallraí i do tháirge atá san áireamh i dTreoir an
Chomhphobail Eorpaigh 2006/66/EC, nach féidir iad
a dhiúscairt le gnáthdhramhaíl tí.
Cuir tú féin ar an eolas le do thoil faoi rialacha áitiúla
maidir le bailiú ar leith ceallraí mar go gcabhróidh
diúscairt chuí iarmhairtí díobhálacha don chomhshaol
agus do shláinte an duine a chosc.
49
Page: 40
13
Sonraíochtaí
13.1
Cumhacht
Tá sonraíochtaí an táirge faoi réir athraithe gan fógra.
Chun tuilleadh sonraí maidir le sonraíochtaí an táirge
seo a fháil, féach ar www.philips.com/TVsupport
Cumhacht
- Príomhchumhacht : AC 220-240V +/-10%
- Teocht chomhthimpeallach : 5°C go 35°C
Chun faisnéis faoi thomhaltas cumhachta a fháil,
féach ar an gcaibidil Product Fiche.
13.2
Glacacht
Don tsraith teilifíse PxT
- Ionchur aeróige : 75 ohm coaiseach (IEC75)
- Bandaí tiúnóra: Hyperband, S-Channel, UHF, VHF
- DVB : DVB-T2, DVB-C (cábla) QAM
- Athsheinm físeáin analógaigh : SECAM, PAL
- Athsheinm físeáin dhigitigh : MPEG2 SD/HD
(ISO/IEC 13818-2), MPEG4 SD/HD (ISO/IEC
14496-10), HEVC*
- Athsheinm físeáin analógaigh (ISO/IEC 13818-3)
* Do DVB-T2 amháin
Don tsraith teilifíse PxS
- Ionchur aeróige : 75 ohm coaiseach (IEC75)
- Bandaí tiúnóra: Hyperband, S-Channel, UHF, VHF
- DVB : DVB-T2, DVB-C (cábla) QAM
- Athsheinm físeáin analógaigh : SECAM, PAL
- Athsheinm físeáin dhigitigh : MPEG2 SD/HD
(ISO/IEC 13818-2), MPEG4 SD/HD (ISO/IEC
14496-10), HEVC*
- Athsheinm físeáin dhigitigh (ISO/IEC 13818-3)
- Ionchur aeróige satailíte : 75 ohm F-type
- Raon minicíochta ionchuir : 950 to 2150MHz
- Leibhéal minicíochta ionchuir : 25 go 65 dBm
- DVB-S2 QPSK, ráta siombailí 2 go 45M siombailí,
SCPC agus MCPC
- LNB : DiSEqC 1.0, 1 go 4 LNBanna tacaithe, Roghnú
polaraíochta 14/18V, Roghnú banda 22kHz, Mód
rúisce toin, LNB reatha 300mA max
* Do DVB-T2, DVB-S2 amháin
13.3
Taifeach Taispeána
Sraith teilifíse 4304, 4354
Méid fhiarthrasna an scáileán
- 24PHx43x4 : - 60 cm / 24 orlach
Taifeach Taispeána
- PHx43x4: 1366x768
Sraith teilifíse 4504, 4503
Méid fhiarthrasna an scáileán
- 32PHx450x : - 80 cm / 32 orlach
Taifeach Taispeána
- PHx4504: 1366x768
Sraith teilifíse 5304
Méid fhiarthrasna an scáileán
- 22PFS5304 : - 55 cm / 22 orlach
Taifeach Taispeána
- PFS5304: 1920x1080
Sraith teilifíse 5503
Méid fhiarthrasna an scáileán
- 43PFx5503 : 108 cm / 43 orlach
Taifeach Taispeána
- PFx5503: 1920x1080
Sraith teilifíse 5505, 5525
Méid fhiarthrasna an scáileán
- 24PFx55x5 : 60 cm / 24 orlach
- 32PHx55x5 : 80 cm / 32 orlach
- 43PFx55x5 : 108 cm / 43 orlach
Taifeach Taispeána
- PHx55x5: 1366x768
- PFx55x5: 1920x1080
50
Page: 41
Sraith teilifíse 5535
Méid fhiarthrasna an scáileán
- 24PFS5535 : - 60 cm / 24 orlach
Taifeach Taispeána
- PFS5535: 1920x1080
13.4
Taifeach taispeána:
Don tsraith teilifíse PHx
Formáidí físe
Taifeach — Ráta athnuachan
- 480i - 60 Hz
- 480p - 60 Hz
- 576i - 50 Hz
- 576p - 50 Hz
- 720p - 50 Hz, 60 Hz
- 1080i - 50 Hz, 60 Hz
- 1080p - 24 Hz, 25 Hz, 30 Hz
Formáidí ríomhaire
Taifigh (i measc cinn eile)
- 640 x 480p - 60 Hz
- 800 x 600p - 60 Hz
- 1024 x 768p - 60 Hz
- 1280 x 768p - 60 Hz
- 1360 x 768p - 60 Hz
Don tsraith teilifíse PFx
Formáidí físe
Taifeach — Ráta athnuachan
- 480i - 60 Hz
- 480p - 60 Hz
- 576i - 50 Hz
- 576p - 50 Hz
- 720p - 50 Hz, 60 Hz
- 1080i - 50 Hz, 60 Hz
- 1080p - 24 Hz, 25 Hz, 30 Hz
Formáidí ríomhaire
Taifigh (i measc cinn eile)
- 640 x 480p - 60 Hz
- 800 x 600p - 60 Hz
- 1024 x 768p - 60 Hz
- 1280 x 768p - 60 Hz
- 1360 x 768p - 60 Hz
- 1280 x 1024p - 60 Hz
- 1920 x 1080p - 60 Hz
13.5
Fuaim
Sraith teilifíse 4304, 4354, 5304, 5535
- Cumhacht aschuir (RMS) : 6W
- Dolby Audio
- DTS 2.0+ Digital out ™
Sraith teilifíse 4504
- Cumhacht aschuir (RMS) : 10W
- Dolby Audio
- DTS 2.0+ Digital out ™
Sraith teilifíse 4503, 5503
- Cumhacht aschuir (RMS) : 32" - 10W, 43" - 16W
- Dolby Audio
- DTS 2.0+ Digital out ™
Sraith teilifíse 5505, 5525
- Cumhacht aschuir (RMS) : 24" - 6W, 32" - 10W, 43" -
16W
- Dolby Audio
- DTS 2.0+ Digital out ™
13.6
Ilmheáin
Córais comad USB tacaithe
- USB (FAT / FAT 32 / NTFS): ná nasc ach gléasanna
USB a ídíonn 500 mA cumhachta nó níos lú.
Freastalaithe meán, tacaithe
- Codec Íomhá: JPEG, GIF, PNG, BMP
- Codec Fuaime: MP3, WAV, WMA (v2 up to v9.2),
AC3, AAC, HE-AAC, DTS 2.0
- Codec Físe: AVI, MKV, H.264/MPEG-4 AVC, MPEG1,
MPEG2, MPEG4, WMV9/VC1, HEVC
- Fotheideal: SRT, SMI, SSA, SUB, ASS, TXT
51
Page: 42
14
Fadhbanna
14.1
Leideanna
Mura bhfuil tú in ann teacht ar réiteach ar an bhfadhb
atá agat le do theilifís in Fabhtcheartú, is féidir leat
úsáid a bhaint as Socruithe > Cabhair > Treoir
úsáideora chun an t-eolas atá uait a fháil.
Mura bhfuil an freagra ar do cheist sa Treoir
úsáideora, is féidir leat dul go dtí suíomh gréasáin
tacaíochta Philips.
Is féidir leat dul i gcomhairle lenár dtacaíocht ar líne
chun aon fhadhb a bhaineann le teilifís Philips a
réiteach. Is féidir leat do theanga a roghnú agus
uimhir do mhúnla táirge a chur isteach.
Tabhair cuairt ar www.philips.com/TVsupport.
Is féidir leat an uimhir teileafóin chun dul i dteagmháil
linn i do thír féin a aimsiú ar an suíomh tacaíochta,
chomh maith le freagraí do cheisteanna coitianta
(CCanna). Is féidir leat dul i mbun comhrá le duine dár
gcomhoibrithe i roinnt tíortha agus do cheist a chur go
díreach nó ceist a sheoladh trí ríomhphost.
Is féidir leat bogearraí nua teilifíse a íoslódáil, nó an
treoir úsáideora chun í a léamh ar do ríomhaire.
Chun níos mó eolais faoi fhabhtcheartú teilifíse agus
ceisteanna a chuirtear go minic a fháil (CCanna)...
Téigh go
dtí http://philips-tvconsumercare.kxondemand.com/
portal/en/ModelSelect
Cabhair teilifíse ar do tháibléad, d'fhón cliste nó do
ríomhaire
Chun go n-éascófaí seichimh fada treoracha, is féidir
leat Cabhar teilifís a íoslódáil i bhformáid PDF le
haghaidh a léite ar d'fhón cliste, taibléad nó
ríomhaire. Mar rogha air sin, is féidir leat an
leathanach ábhartha ó Chabhair a phriontáil ó do
ríomhaire.
Chun Cabhair (an treoir úsáideora) a íoslódáil, téigh
go dtí www.philips.com/TVsupport
14.2
Cas As
Ní chasann an teilifís air
- Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan ar feadh nóiméid agus ansin cuir
isteach arís é. Cinntigh go bhfuil an cábla cumhachta
nasctha go daingean. Bain triail as an teilifís a
chasadh air arís.
- Nasc an teilifís le soicéad eile ar an mballa agus triail
í a chasadh air.
- Dínasc gach gléas nasctha eile ón teilifís agus triail í
a chasadh air.
- Má tá solas fuireachais na teilifís air, tá an seans ann
nach bhfreagróidh an teilifís don chianrialtán.
Tá fuaim dhíoscánach ann nuair a chastar air nó as
é
Nuair a bhíonn tú ag casadh na teilifís air, as nó ar
fhuireachas, cloiseann tú fuaim dhíoscánach ó
fhonnadh na teilifíse. Is mar gheall ar ghnáthleathadh
agus cungú na teilifíse an fhuaim dhíoscánach sin,
agus an teilifís ag fuarú agus ag téamh. Ní chuireann
sé isteach ar fheidhmíocht.
Téann an teilifís ar ais go Fuireachas tar éis scáileán
tosaithe Philips a thaispeáint
Nuair atá an teilifís i bhFuireachas, taispeántar
scáileán tosaithe Philips, ansin filleann an teilifís ar
mhód Fuireachais. Is gnáthiompar é sin. Nuair a
dhínasctar an teilifís agus nuair a nasctar arís í leis an
soláthar cumhachta, taispeántar an scáileán tosaithe
an chéad uair eile a thosaítear í. Chun an teilifís a
chasadh air ó fhuireachas, brúigh (Fuireachas /
Air) ar an gcianrialtán nó ar an teilifís.
Coinníonn an solas Fuireachais leis ag caochaíl
Bain an cábla cumhachta amach as an asraon
cumhachta. Fan 5 nóiméad sula nascann tú an cábla
cumhachta arís. Má tharlaíonn an chaochaíl arís, déan
teagmháil le Philips TV Consumer Care.
Casann an teilifís as léi féin
Má chasann an teilifís as go tobann, seans go bhfuil
an socrú Amadóir casta as casta air. Casann an
teilifís as tar éis 4 uair mura bhfuil aon chomhartha ón
gcianrialtán faighte le Amadóir casta as. Chun an
casadh as uathoibríoch seo a sheachaint, is féidir leat
an casadh as a dhíghníomhachtú.
Anuas air sin, mura bhfaigheann an teilifís comhartha
teilifíse ná ordú ón gcianrialtán ar feadh 10 nóiméad,
casfaidh an teilifís as go huathoibríoch.
14.3
Cianrialtán
Ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán
Teastaíonn roinnt ama ón teilifís tosú. I rith an ama
sin, ní fhreagraíonn an teilifís don chianrialtán ná do
rialcuithe na teilifíse. Is gnáthiompar é sin.
Má leanann an teilifís gan freagairt don chianrialtán, is
féidir leat seiceáil an bhfuil an cianrialtán ag obair trí
úsáid a bhaint as ceamara ar fhón soghluaiste. Cuir an
54
Page: 43
fón i mód ceamar agus pointeáil an cianrialtán i dtreo
lionsa an cheamara. Má bhrúnn tú aon eochair ar an
gcianrialtán agus má thugann tú faoi deara caochaíl
infridhearg an LED tríd an gceamara, tá an cianrialtán
ag obair. Ní mór an teilifís a sheiceáil.
Mura dtugann tú an chaochaíl faoi deara, d’fhéadfadh
an cianrialtán a bheith briste nó a chuid ceallraí a
bheith íseal.
Níl an modh seo chun an cianrialtán a sheiceáil
indéanta le cianrialtáin atá péireáilte leis an teilifís gan
sreang.
14.4
Cainéil
Níor aimsíodh aon chainéal digiteach i rith na
suiteála
Féach ar na sonraíochtaí teicniúla chun a chinntiú go
dtacaíonn do theilifís le DVB-T nó DVB-C i do thír.
Cinntigh go bhfuil na cáblaí nasctha i gceart agus go
bhfuil an líonra ceart roghnaithe.
Níl na cainéil a suiteáladh roimhe seo sa liosta
cainéal
Cinntigh go bhfuil an liosta cainéal ceart roghnaithe.
14.5
Pictiúr
Gan pictiúr / pictiúr díchumtha
- Cinntigh go bhfuil an aeróg nasctha leis an teilifís i
gceart.
- Cinntigh go bhfuil an gléas ceart roghnaithe mar
fhoinse taispeána.
- Cinntigh go bhfuil an gléas seachtrach nó an fhoinse
sheachtrach nasctha i gceart.
Tá fuaim ann ach níl aon phictiúr
- Cinntigh go bhfuil na socruithe pictiúr socraithe i
gceart.
Glacadh aeróige lag
- Cinntigh go bhfuil an aeróg nasctha leis an teilifís i
gceart.
- Tá callairí, gléasanna fuaime neamhthalmhaithe,
foirngimh arda agus rudaí móra eile in ann cur isteach
ar an gcaighdeán glactha. Déan iarracht an caighdeán
glactha a fheabhsú, más féidir, trí threoshuíomh na
haeróige a athrú nó gléasanna a bhogadh amach ón
teilifís.
- Má tá an glacadh lag díreach ar chainéal amháin,
déan an cainéal sin a mhionchoigeartú le Suiteáil
Láimhe.
Drochphictiúr ó ghléas
- Cinntigh go bhfuil an gléas nasctha i gceart.
- Cinntigh go bhfuil na socruithe pictiúir socraithe i
gceart.
Athraíonn socruithe pictiúr tar éis scathaimh
- Cinntigh go bhfuil Suíomh socraithe do Baile . Is
féidir socruithe a athrú agus a shábháil sa mhód seo.
Tá meirge tráchtála ar taispeáint
- Cinntigh go bhfuil Suíomh socraithe do Baile .
Ní oireann an pictiúr don scáileán
- Athraigh go formáid pictiúr éagsúil.
Coinníonn an fhormáid pictiúr air ag athrú ó chainéal
go cainéal
- Roghnaigh formáid pictiúr nach mbaineann 'Uath'
leis.
Tá suíomh an phictiúir mícheart
- Is féidir nach n-oirfeadh comharthaí pictiúr ó
ghléasanna áirithe don scáileán i gceart. Seiceáil
aschur comhartha an ghléis nasctha.
Níl an pictiúr ríomhaire cobhsaí
- Cinntigh go n-úsáideann do ríomhaire an taifeach
agus ráta athnuacha a dtacaítear leo.
14.6
Fuaim
Gan aon fhuaim nó droch-chaighdeán fuaime
Mura mbraitear aon chomhartha fuaime, casanna an
teilifís an aschur fuaime as go huathoibríoch — ní
chiallaíonn sé sin mífheidhm.
- Cinntigh go bhfuil na socruithe fuaime socraithe i
gceart.
- Cinntigh go bhfuil na cáblaí nasctha i gceart.
- Cinntigh nach bhfuil an airde fuaime balbhaithe nó
socraithe ag nialas.
- Cinntigh go bhfuil aschuir fuaime na teilifíse
nasctha leis an ionchur fuaime ar an gCóras
Amharclainne Baile (HTS).
- Ba cheart fuaime a chloisteáil ó na callairí HTS.
- D’fhéadfadh roinnt gléasanna iarraidh ort aschur
fuaime HDMI a chumasú de láimh. Má tá fuaim HDMI
cumasaithe cheana féin, ach fós ní chloiseann tú aon
fhuaim, bain triail as an fhormáid fuaime digití a athrú
go PCM (Modhnú Bíogchóid). Féach ar an
gcáipéisíocht a tháinig le do ghléas le haghaidh
treoracha.
55
Page: 44
14.7
HDMI
HDMI
- Tabhair faoi deara go bhféadfadh tacaíocht HDCP
(High-bandwidth Digital Content Protection) moill a
chur ar an méid ama a thógann sé ar an teilifís
inneachar ó ghléas HDMI a thaispeáint.
- Mura n-aithníonn an teilifís an gléas HDMI agus
mura dtaispeánfar aon phictiúr, athraigh an fhoinse ó
ghléas amháin go gléas eile, agus ar ais arís.
- Má chuirtear isteach ar an bhfuaim go huaineach,
cinntigh go bhfuil na socruithe aschuir ón ngléas
ceart.
- Má úsáideann tú cuibheoir HDMI-go-DVI nó cábla
HDMI-go-DVI, cinntigh go bhfuil cábla fuaime breise
nasctha le AUDIO IN (mion-seac amháin), más ann
dó.
Ní oibríonn EasyLink
- Cinntigh go bhfuil do ghléasanna HDMI
comhoiriúnach le HDMI-CEC. Ní oibríonn gnéithe
EasyLink ach amháin le gléasanna atá comhoiriúnach
le HDMI-CEC.
Níl an deilbhín don airde fuaime ar taispeáint
- Gnáth-iompar é sin nuair atá gléas fuaime HDMI-
CEC naschta.
14.8
USB
Ní thaispeántar grianghraif, físeáin agus ceol ó ghléas
USB
- Cinntigh go bhfuil an socrú comhoiriúnach le
hAicme Ollstórála roghnaithe ar an ngléas stórála
USB, mar atá curtha síos air i ndoiciméadúchán an
ghléis stórála.
- Cinntigh go bhfuil an gléas stórála USB
comhoiriúnach leis an teilifís.
- Cinntigh go dtacaíonn an teilifís na formáidí
comhaid fuaime agus pictiúir.
Athsheinnt briste comhad USB
- D'fhéadfadh feidhmíocht aistrithe an ghléis stórála
USB srian a chur ar an ráta aistrithe sonraí chuig an
teilifís, a bhfuil athsheinnt briste mar thoradh uirthi.
56
Page: 45
phacáiste leis an teilifís agus an lámhleabhar atá
stóráilte i gcuimhne na teilifíse nó a íoslódáiltear ó
láithreán gréasáin
Philips www.philips.com/TVsupport
leordhóthanach don úsáid a bhfuil an córas
beartaithe lena haghaidh.
Creidtear go bhfuil an t-ábhar sa treoirleabhar seo
leordhóthanach don úsáid atá beartaithe ag an
gcóras. Má úsáidtear an táirge, nó a mhodúil nó
nósanna imeachta indibhidiúla, chun críche nach
bhfuil sonraithe leis seo, ní mór deimhniú a fháil
maidir lena mbailíocht agus a n-oiriúnacht.
Barántaíonn TP Vision nach sáraíonn an t-ábhar féin
aon phaitinn de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Níl
aon bharantá eile ráite nó intuigthe. Ní bheidh TP
Vision freagrach as aon earráid in ábhar na cáipéise
seo ná as aon fhadhb a eascraíonn as ábhar na
cáipéise seo. Leigheasfar earráidí a thuairiscítear do
Philips agus foilseofar ar láithreán gréasáin tacaíochta
Philips a luaithe is féidir.
Téarmaí baránta - Baol gortuithe, damáiste don
teilifís nó an baránta a chur ar neamhní!
Ná triail go deo an teilifís a dheisiú tú féin. Úsáid an
teilifís agus a comhghabhálais mar atá beartaithe ag
an déantúsóir. Tugann an comhartha rabhaidh ar chúl
na teilifíse le fios go bhfuil baol turrainge leictrí ann.
Ná bain as clúdach na teilifíse go deo. Déan
teagmháil le Cúram Custaiméirí Philips TV le haghaidh
seirbhíse nó deisiúchán. Aimsigh an uimhir theileafóin
sa cháipéisíocht phriontáilte a tháinig leis an
teilifís. Nó tabhair cuairt ar ár láithreán
gréasáin www.philips.com/support agus roghnaigh
do thír más gá. Cuirfear an baránta ar neamhní má
dhéantar aon oibríocht atá toirmiscithe go sainráite sa
treoirleabhar seo, nó aon choigeartú nó nós imeachta
cóimeála nach bhfuil molta ná údaraithe sa
treoirleabhar seo.
Tréithe picteilín
Tá líon ard picteilíní daite ag an táirge LCD/LED seo.
Cé go bhfuil picteilíní éifeachtacha de 99.999% nó
níos airde aige, d’fhéadfaí poncanna dubha nó pointí
geala solais (dearg, uaine nó gorm) a bheith ar
taispeáint go leanúnach ar an scáileán. Airí
struchtúrtha de chuid na taispeána é seo (laistigh de
ghnáthchaighdeáin an tionscail) agus ní mífheidhm é.
Comhlíonadh CE
Deimhníonn TP Vision Europe B.V. leis seo go bhfuil
an teilifís seo comhlíontach le bunriachtanais agus le
forálacha ábhartha eile Treoracha 2014/53/AE (RED),
2009/125/CE (Éicea-dearadh) agus 2011/65/CE
(RoHS).
Comhlíonadh le EMF
Déantúsaíonn agus díolann EMF TP Vision Europe
B.V. go leor táirgí atá dírithe ar thomhaltóirí a bhfuil an
cumas acu, cosúil le trealamh leictreonach ar bith,
comharthaí leictreamhaighnéadacha a astú agus a
fháil. Is é ceann de phrionsabail ghnó TP Vision
tabhairt faoi gach beart sláinte agus sábháilteachta
atá riachtanach dár dtáirgí chun comhlíonadh le gach
riachtanais dlí infheidhmithe agus chun fanacht taobh
istigh de na caighdeáin Réimse
Leictreamhaighnéadach (EMF) a bhí infheidhmithe ag
an am ar táirgeadh na táirgí.
Tá TP Vision tiomanta táirgí a fhorbairt, a tháirgeadh
agus a chur ar an margadh nach bhfuil ina n-údar
d'aon díobháil sláinte. Dearbhaíonn TP Vision go
bhfuil a tháirgí sábháilte le haghaidh an úsáid atá
beartaithe acu de réir na fianaise eolaíche atá ar fáil
inniu, chomh fada is a úsáidtear iad chun an úsáid atá
beartaithe leo. Tá ról gníomhach ag TP Vision i
bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta EMF agus
sábháilteachta, rud a chuireann ar chumas TP Vision
tuilleadh forbairtí i gcaighdeánú a ionchasú agus na
forbairtí sin a chomhtháthú go luath ina dtáirgí.
59
Page: 46
16
Cóipchearta
16.1
HDMI
Is trádmharcanna nó trádmharcanna cláraithe de
HDMI Licensing LLC iad na téarmaí HDMI agus HDMI
High-Definition Multimedia Interface, agus lógó HDMI
Logo i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i dtíortha eile.
16.2
Dolby Audio
Dolby, Dolby Audio, and the double-D symbol are
trademarks of Dolby Laboratories. Manufactured
under license from Dolby Laboratories. Confidential
unpublished works. Copyright © 1992-2015 Dolby
Laboratories. All rights reserved.
16.3
DTS 2.0 + Digital Out ™
For DTS patents, see http://patents.dts.com.
Manufactured under license from DTS Licensing
Limited. DTS, the Symbol, DTS and the Symbol
together, DTS 2.0+Digital Out, and the DTS 2.0+Digital
Out logo are registered trademarks or trademarks of
DTS, Inc. in the United States and/or other countries.
© DTS, Inc. ALL RIGHTS RESERVED.
16.4
Trádmharcanna Eile
Maoin dá n-úinéirí faoi seach iad gach trádmharc
cláraithe agus neamhchláraithe eile.
60
Page: 47
17
Foinse Oscailte
17.1
Bogearraí Foinse Oscailte
Tá bogearraí foinse oscailte sa teilifís seo. Tairgeann
TP Vision Europe B.V. leis seo cóip den chód foinse
comhfhreagrach iomlán do na pacáistí bogearraí
foinse oscailte faoi chóipcheart a úsáidtear sa táirge
seo a sheachadadh, ach iarratas a bheith déanta, sa
chás go bhfuil a leithéid de thairiscint iarrtha ag na
ceadúnais faoi seach.
Tá an tairiscint seo bailí ar feadh tréimhse suas le trí
bliana tar éis don táirge a bheith ceannaithe d'aon
duine a bhfuil an t-eolas seo a fháil aige nó aici.
Scríobh i mBéarla le do thoil chuig chun an cód foinse
a fháil . . .
open.source@tpv-tech.com
17.2
Ceadúnas Foinse Oscailte
Maidir leis an gCeadúnas Foinse
Oscailte
README chun an cód foinse a fháil do na codanna
sin de bhogearraí teilifíse TP Vision Netherlands B.V. a
thagann faoi cheadúnais foinse oscailte.
Is cáipéis í seo ina ndéantar cur síos ar dháileadh an
chóid foinse atá á úsáid ar theilifís TP Vision
Netherlands B.V., a thagann faoi cheann amháin den
Cheadúnas Poiblí Ginearálta GNU (an GPL), nó
Ceadúnas Poiblí Níos Lú GNU (an LGPL), nó aon
cheadúnas foinse oscailte eile. Is féidir treoracha a
fháil faoin gcaoi cóipeanna de na bogearraí seo a
fháil sna Treoracha Úsáide.
NÍ THUGANN TP Vision Netherlands B.V. AON
BHARÁNTA, BÍODH SÉ SAINRÁITE NÓ INTUIGTHE,
LENA N-ÁIRÍTEAR AON BHARÁNTA INDÍOLTACHTA
NÓ OIRIÚNACHT DO CHUSPÓIR FAOI LEITH, MAIDIR
LEIS NA BOGEARRAÍ SEO. Ní thugann TP Vision
Netherlands B.V. aon tacaíocht do na bogearraí seo.
Ní chuireann an méid atá ráite thuas isteach ar do
bharántaí ná ar do chearta reachtúla maidir le haon
táirge de chuid TP Vision Netherlands B.V. atá
ceannaithe agat. Ní bhaineann sé ach leis an gcód
foinse seo atá curtha ar fáil duit.
Foinse Oscailte
uboot (201106)
U-Boot, a boot loader for Embedded boards based
on PowerPC, ARM, MIPS and several other
processors, which can be installed in a boot ROM and
used to initialize and test the hardware or to
download and run application code.
Source: http://www.denx.de/wiki/U-Boot
vmlinux (3.1.10)
linux kernel
Source:
http://git.kernel.org/cgit/linux/kernel/git/stable/linux-
stable.git
busybox (v1.23.2)
BusyBox is a multi-call binary that combines many
common Unixutilities into a single executable. Most
people will create a link to busybox for each function
they wish to use and BusyBox will act like whatever
it was invoked as.
Source: http://www.busybox.net/
dlmalloc (2.8.4)
A Memory Allocator
Source:
http://g.oswego.edu/dl/html/malloc.html
ftp://gee.cs.oswego.edu/pub/misc/
iniparser (3.0)
stand-alone ini parser library in ANSI C
Source: http://ndevilla.free.fr/iniparser/
jpeg (6b.)
Libjpeg is a widely used C library for reading and
writing JPEG image files.
Source: http://www.ijg.org
png (1.2.32)
libpng is the official PNG reference library. It supports
almost all PNG features.
Source:
61
Page: 48
http://www.libpng.org/pub/png/src/libpng-
LICENSE.txt
http://www.libpng.org/pub/png/
freetype (2.5.3)
FreeType is a freely available software library to
render fonts.
Source: http://www.freetype.org/license.html
libc (2.16)
The GNU C Library is used as the C library in the GNU
systems and most systems with the Linux kernel.
Source: http://www.gnu.org/software/libc/
cares (1.7.3)
c-ares is a C library for asynchronous DNS requests
(including name resolves).
Source: https://c-ares.haxx.se/
curl (7.21.3)
curl is used in command lines or scripts to transfer
data. It is also used in cars, television sets, routers,
printers, audio equipment, mobile phones, tablets,
settop boxes, media players and is the internet
transfer backbone for thousands of software
applications affecting billions of humans daily.
Source: https://curl.haxx.se/
iconv (1.13.1)
Other programs internally store strings in Unicode, to
facilitate internal processing, and need to convert
between internal string representation (Unicode) and
external string representation (a traditional encoding)
when they are doing I/O. GNU libiconv is a conversion
library for both kinds of applications.
Source: http://www.gnu.org/software/libiconv/
Xml2 (2.7.7)
Libxml2 is the XML C parser and toolkit developed for
the Gnome project (but usable outside of the Gnome
platform), it is free software available under the MIT
License.
Source: http://xmlsoft.org/
neon (0.30.1)
neon is an HTTP and WebDAV client library, with a C
interface.
Source: http://www.webdav.org/neon/
openssl-0.9.8 (1.0.0)
OpenSSL is a robust, commercial-grade, and full-
featured toolkit for the Transport Layer Security (TLS)
and Secure Sockets Layer (SSL) protocols.
Source: http://www.openssl.org/source/license.html
sqlite (3.7.11)
SQLite is a self-contained, high-reliability, embedded,
full-featured, public-domain, SQL database engine.
Source: https://www.sqlite.org/
zlib (1.2.8)
interface of the 'zlib' general purpose compression
library.
Source: http://www.zlib.net/zlib_license.html
cairo (1.10.2)
Cairo is a 2D graphics library with support for multiple
output devices.
Source: https://cairographics.org/download/
libnl (3.2.24)
The libnl suite is a collection of libraries providing APIs
to netlink protocol based Linux kernel interfaces.
Source: https://github.com/tgraf/libnl
alsa (1.0.23)
The Advanced Linux Sound Architecture (ALSA)
provides audio and MIDI functionality to the Linux
operating system.
Source: https://www.alsa-
project.org/main/index.php/Main_Page
fontconfig (2.7.1)
Fontconfig is a library for configuring and customizing
font access.
62
Page: 49
Source:
https://www.freedesktop.org/wiki/Software/fontconfi
g/
icu (4.2.1)
ICU is a mature, widely used set of C/C++ and Java
libraries providing Unicode and Globalization support
for software applications.
Source: http://site.icu-project.org/home
pixman (0.19.6)
Pixman is a low-level software library for pixel
manipulation, providing features such as image
compositing and trapezoid rasterization.
Source: http://www.pixman.org/
pango (1.28.1)
Pango is a library for laying out and rendering of text,
with an emphasis on internationalization.
Source: https://www.pango.org/
glib (2.24.2)
GLib provides the core application building blocks for
libraries and applications written in C.
Source: https://directory.fsf.org/wiki/Glib
DFB (1.4.2)
DirectFB is a thin library that provides hardware
graphics acceleration, input device handling and
abstraction, integrated windowing system with
support for translucent windows and multiple display
layers, not only on top of the Linux Framebuffer
Device. It is a complete hardware abstraction layer
with software fallbacks for every graphics operation
that is not supported by the underlying hardware.
DirectFB adds graphical power to embedded systems
and sets a new standard for graphics under Linux.
Source: http://directfb.org/
63
Page: 50
Innéacs
A
Airde fuaime Delta 44
Airde fuaime na gCluasán 44
Aithin teilifís 3
Am 46
Ardsocruithe Codarsnachta Pictiúir 42
Ardsocruithe Pictiúr 42
Athainmnigh Gléas 24
Athdheisiú 3
Athraigh Cód PIN 47
Athshocraigh Socruithe Teillfíse 46
É
Éifeachtaí Fuaime 47
B
Bain satailít as 28
Breisiú Datha 42
C
Cainéal, Athainmnigh Cainéal 31
Cainéal, Scag Cainéal 32
Cainéil 25
Cainéil Cheanáin 32
Callairí nó Cluasáin 47
Cábla Cumhachta 11
Cárta CI 20
Cúram Custaiméirí 3
Ceallraí 6
Chun Cainéil Satailíte a Athshuiteáil 27
Cianrialtán 6
Cianrialtán agus Ceallraí 6
Cláraigh teilifís 3
Codarsnacht 42
Codarsnacht Dhinimiciúil 42
Codarsnacht Físe 43
Coigilt Sholas an Lae 46
Crios Ama 46
Cuir Satailít leis an liosta 28
D
Dath 42
Dáta 46
Déan Cuardach do Chainéil 32
Deireadh Úsáide 49
Diosca Crua USB 21
Diosca crua USB, Formáidigh 45
Dord 44
E
EasyLink 16
Eolas Teagmhála 3
F
Fabhtcheartú 54
Fad Amhairc 9
Fadhbanna 54
Formáid Fuaime Amach 44
Formáid Phictiúir 43
Fuaim Dhigiteach Amach 17
Fuaim Mheasctha 47
Fuireachas 12
G
Gáma 43
Géire 42
Géire, Laghdú Déantán MPEG 43
Géire, laghdú torainn 43
Glan Pictiúr 43
Glas Leanaí 47
Gléasadh Balla 9
H
HDMI ARC 17
I
Imfhuaim 44
L
Lagú amhairc 47
Lagú Éisteachta 47
Lámhleabhar Úsáideora 3
Leagan Bogearraí 5
Leibhéaladh Digiteach Amach 44
Liosta Cainéal Satailíte 28
Liosta Foinse 24
Lonnú na teilifíse 9
M
Méaróg Chuimhne USB 21
Mód Codarsnachta Pictiúr 42
Mód Fuireachais 12
Mód Uath-Chloig 46
Meáin 39
Moill Digiteach Amach 44
N
Nasc Aeróige 13
Nasc Cluasáin 18
Nasc Gléas 13
Nasc HDMI 14
Nasc HDMI - CEC 16
Nasc HDMI - DVI 16
Nasc Ríomhaireachta 19
Nasc VGA 19
Nuashonraigh Bogearraí - Nuasonruithe Áitiúla 5
Nuashonraigh Bogearraí - OAD 5
Nuashonraigh Cainéil Satailíte 27
Nuashonrú Bogearraí 5
O
Optúil 17
Ord Cainéal a athrú 32
P
Pictiúr, Codarsnacht 42
Pictiúr, Dath 42
Pictiúr, Géire 42
PIN CAM 47
Próifíl Oibritheora CAM 45
R
Rochtain Uilíoch 47
Roghchlár Áirgí 41
Roghchlár Baile 41
Roghchlár Cabhair 3
64
Question & answers
Have a question about the Philips 43PFS5505 but cannot find the answer in the user manual? Perhaps the users of ManualsCat.com can help you answer your question. By filling in the form below, your question will appear below the manual of the Philips 43PFS5505. Please make sure that you describe your difficulty with the Philips 43PFS5505 as precisely as you can. The more precies your question is, the higher the chances of quickly receiving an answer from another user. You will automatically be sent an e-mail to inform you when someone has reacted to your question.
Ask a question about the Philips 43PFS5505